14 Sráid Henrietta
14 Sráid Henrietta
Iarsmalann staire sóisialta de shaol Bhaile Átha Cliath is é 14 Sráid Henrietta, ina ndéantar scrúdú ar shaol aon fhoirgnimh amháin, ó thús Ré Sheoirse suas go dtí aimsir na dtionóntán. Déanaimid ceangal idir 300 bliain de stair an saoil uirbigh agus scéalta na ndaoine a chuir fúthu san áit seo.
Nuair a chuirtear cuairt ar 14 Sráid Henrietta, téitear ar thuras cumhachtach ina ndéantar scrúdú ar an fhoirgnimh agus ar shaol na ndaoine a bhí ina gcónaí ann, agus insítear é sin uile le hionracas agus le meas. Mar gheall air sin uile, tá sé deacair an foirgneamh a fhágáil gan tionchar éigin a bheith aige ort, ag fágáil nach mbeidh tú mar a gcéanna arísParis Donnatella Callan blagálaí IrelandBeforeYouDie.com
Cuireann na turais treoraithe beocht i scéalta na ndaoine a chónaigh sa teach, a ndálaí a d’athraigh, a dtaithí ar theaghlaigh, ar an bpolaitíocht agus ar chúrsaí domhanda.
Déanaimid saol cultúrtha na cathrach a chosaint agus a chomhroinnt, agus cuirimid leis. Insímid scéalta, cuirimid daoine i gceangail lena chéile, agus déanaimid an stair a nochtadh.
Comhpháirtithe
Curtha ar siúl ag Cuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Faoi úinéireacht agus faoi chaomhnú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
