Culture Near You will constantly grow and evolve, creating a dynamic database of the city’s cultural infrastructure and assets

Cuireann an tIniúchadh ar Chultúr agus an Léarscáil Chultúrtha le bunachar eolais Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le heolas a chur ar fáil do chinntí a dhéanann ranna, pleanálaithe agus straitéisithe na Comhairle Cathrach.

San áireamh san eolas cultúrtha faoin gcathair ar an léarscáil, tá: na healaíona agus oidhreacht, páirceanna agus an dúlra, spórt agus aclaíocht, bia, caitheamh aimsire, páirtíocht an phobail agus oideachas, anuas ar ealaíontóirí agus déantóirí a chónaíonn i mBaile Átha Cliath.

Is acmhainn phoiblí atá sa tionscadal faisnéise seo, chomh maith - láithreán gréasáin ar a dtugtar Culture Near You, a dhéanann foirgnimh, eagraíochtaí agus líonraí cultúrtha na cathrach níos éasca le haimsiú le ceangal a dhéanamh leo.

Oibrítear an Léarscáil Chultúrtha agus an tIniúchadh ar Cultúr laistigh den léarscáiliú agus de na Córais Faisnéise Geografaí (GIS) reatha de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Forbraíodh é trí úsáid a bhaint as próiseas ‘léarscáilithe chultúrtha’ agus tugtar cuireadh don phobal chun cur leis na sonraí seo agus iad a nuashonrú trí Culture Near You.

Leanfaidh an bunachar sonraí dinimiciúil seo ag dul i méid agus ag teacht chun cinn, agus déanfaidh sé eolas a eagrú agus athruithe a rianú a thagann ar thírdhreach cultúrtha na cathrach.

Experiment square