Ár Modhanna
Tá infreastruchtúr forbartha againn agus táimid ag soláthar infreastruchtúir a chuireann daoine i gcroílár an obair a dhéanaimid, agus a chabhraíonn leo dul i ngleic leis an gcathair ina bhfuil siad ina gcónaí, agus nasc chruthú leis. D'aithníomar cúig sprioc agus sraith modheolaíochtaí agus gníomhartha trínar oibreoimid chun é seo a bhaint amach.
Ag obair le, trí agus do dhaoine i mBaile Átha Cliath déanfaimid TEAGMHÁIL, TRIAIL, FOGHLAIM, COMHROINNT, DAINGNIÚ chun daoine a nascadh ar fud na cathrach tríd an gcultúr agus an comhrá.

Cuirimid saineolas leis
Is mian linn tionchar a chruthú agus creidimid go mbíonn breisluach i gceist má dhéanaimid ár modh a thabhairt isteach i dtionscadal.
Nuair a mheallann tionscadail agus smaointe ár bhfiosracht, déanaimid measúnú ar an deis atá againn rannchuidiú agus conas is fearr is féidir linn ár saineolas a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don rannpháirtíocht chultúrtha.
Lenár modh cuirtear daoine go daingean i gcroílár ár gcuid oibre. Dhearamar é go sonrach chun tacú le hiompraíocht forbartha gnásanna cultúrtha agus le naisc idir daoine agus áit.
Oibrímid i gcomhar le chéile
Oibrímid le chéile chun cáilíocht a chinntiú i ngach rud a dhéanaimid.
Táimid tiomanta do bheith ag oibriú trí chomhchruthú leis na rannpháirtithe agus tríd an gcomhar le comhpháirtithe. Leagaimid béim ar chuimsiú agus ar rannpháirtíocht.
Cuirimid ár láidreachtaí i bhfeidhm agus lorgaímid saineolas breise nuair is gá.


Éistimid
Cuirimid cláir thiomnaithe éisteachta ar fáil trí fhoireann saineolaithe oilte a fhoghlaimíonn, trí rannpháirtíocht leanúnach, an méid atá tábhachtach do mhuintir Bhaile Átha Cliath.
An méid a chloisimid, sin é is cnámh droma don clársceidealú ábhartha fhiúntach.
Tá spreagadh againn
Is mian linn deiseanna a chur ar fáil do dhaoine triail a bhaint as a gcuid smaointe féin.
Déanaimid cláir a chuireann ar ár gcumas ár saineolas a úsáid ar bhealaí fiúntacha.
Gníomhaímid chun a chinntiú go mbíonn ‘bealaí isteach’ nua sa chultúr do dhaoine mar thoradh ar na cláir agus na gníomhaíochtaí a n-oibrímid orthu: nósanna cultúrtha a fhorbairt agus muinín chultúrtha a mhéadú.


Tógaimid
Cruthaímid conairí laistigh dár gcláir agus trasna ár gclár féin, chomh maith le cláir ár gcomhpháirtithe cultúrtha.
Déanaimid gníomhaíochtaí cultúrtha níos inrochtana agus níos inghlactha.
Áirítear leis sin an cultúr a thabhairt chuig áiteanna nach mbreathnaítear air de ghnáth agus nasc a dhéanamh le daoine nach mbreathnaíonn orthu féin de ghnáth mar dhaoine a bhfuil baint acu leis an gcultúr.
Freagraímid
Cruthaímid clársceidealú freagrúil trí fhreagra a thabhairt ar an méid a insíonn daoine dúinn trínár gcláir, ár dtionscadail agus ár ngníomhaíochtaí a fhorbairt.
Táimid solúbtha; éistimid le haiseolas ó dhaoine agus tugaimid freagra air chun a chinntiú go mbeidh ár gcuid oibre fós ábhartha.
