Ár Luachanna
Treoraíonn ár gcuid luachanna muid. Treoraíonn siad na rudaí a dhéanaimid agus conas a dhéanaimid iad.
Cuimsiú agus Inrochtaineacht
- Molaimid do gach duine a bheith rannpháirteach i mBaile Átha Cliath chun rannpháirtíocht chultúrtha níos leithne a bhaint amach.
- Cruthaímid naisc chultúrtha fhóinteacha bhuana trí dhíriú ar inrochtaineacht agus ar inbhuanaitheacht na gclár.
Ceangal agus Comhoibriú
- Oibrímid i gcomhar le healaíontóirí, le pobail agus le heagraíochtaí. I dteannta a chéile déanaimid scileanna cultúrtha a fhorbairt agus a leathnú.
- Osclaíonn muid bealaí nua do dhaoine chun rochtain a fháil ar ghníomhaíocht chultúrtha ar bhealach níos éasca agus níos muiníní chun a nósanna cultúrtha a fhorbairt.
Rannpháirtíocht agus Sármhaitheas
- Cinntímid go bhfuil ár gcláir ábhartha agus fiúntach do chách trí dhul i dteagmháil go leanúnach le muintir Bhaile Átha Cliath.
- Déanaimid ár ndícheall barr feabhais a bhaint amach i ngach rud a dhéanaimid.