Evaluation of Company Strategy 2019 to 2024 370x370

Seo thíos achoimre ar an méid a bhain muid amach:

Ó 2019 go dtí 2024, reáchtáil Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath músaem amháin, ionad pobail cultúrtha amháin, agus ó 2021 i leith, léirigh siad féile bhliantúil ar stair. Ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath, ar bhonn leanúnach cathrach, sheachadamar 14 clár sna réimsí d’oidhreacht chultúrtha, rannpháirtíocht ghníomhach, stairsheanchas, sonraí agus mapáil chultúrtha, stair, rannpháirtíocht chultúrtha agus forbairt an lucht féachana.

Ghlac 675,444 duine páirt ghníomhach linn trínár bhfoirgnimh agus trínár gcláir mar rannpháirtithe, cuairteoirí agus baill den lucht féachana. Cuimsíodh leis an rannpháirtíocht seo, iad ag déanamh rud éigin cruthaitheach, páirt a ghlacadh i gcomhrá, páirt a ghlacadh in eispéireas cultúrtha nó freastal ar shraith ceardlann agus cainteanna a cruthaíodh a bhaineann go díreach lena spéiseanna agus lena bhfiosracht.

D’oibríomar le chéile i 1,792 comhpháirtíocht le heagraíochtaí pobail agus cultúrtha agus d’eisíomar 1,998 conradh d’ealaíontóirí, do staraithe agus do dhéantóirí cultúir chun na comhoibrithe a sheachadadh.

Sheachaid ár gclár 6,131 ceardlann chruthaitheach, cónaitheacht chruthaitheach, agus imeachtaí agus aonaigh chultúrtha.

Thaifeadamar 18,626 suirbhé digiteach agus aischothaithe páipéir ó rannpháirtithe, ó ealaíontóirí, ó chuairteoirí agus ó pháirtithe cultúrtha agus bhailíomar 327 tuarascáil measúnaithe tionscadail agus cláir lenár bhfoireann, lenár n-éascaitheoirí cultúrtha agus lenár bpáirtithe..

Bhí 1,466,691 duine a thug cuairt ar ár 3 shuíomh gréasáin. Thaifeadamar 456 gné nó gnéithe den phreas náisiúnta, de chlúdach meáin agus craolacháin ar ár gcláir agus ar ár bhfoirgnimh.

Is féidir leat féachaint ar ár Straitéis Chomhlachta 2019-2024 ach cliceáil anseo.