Ceisteanna Coitianta
Cad é go díreach a dhéanann Cuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ?
Cuirimid tionscnaimh agus foirgnimh chultúrtha á reáchtáil i gceantair ar fud na cathrach thar ceann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus mhuintir Bhaile Átha Cliath.
Cad é ról an chultúir san obair a dhéanann sibh?
Tá urraim againn ar dhaoine, ar an gcultúr agus ar an timpeallacht, araon. Aithnímid go bhfuil gach aon duine páirteach cheana féin sa chultúr ar shlí leithleach éigin, cibé scéal. Is mian linn níos mó bealaí éagsúla a ghníomhachtú le go mbeidh daoine rannpháirteach i gcúrsaí cultúrtha. Ba mhaith linn scéal cultúrtha na cathrach a chosaint agus a chomhroinnt, agus cuirimid leis.
Cad is brí leis an gcultúr duit?
Tá an sainmhíniú ginearálta atá ullmhaithe ag UNESCO ar an gcultúr (2001) glactha ag an gComhairle: “An tsraith de ghnéithe sainiúla spioradálta, ábhartha, intleachtúla agus mothúchánacha sochaí nó grúpa sóisialta, lena n-áirítear, ní hamháin an ealaín agus an litríocht, ach stíleanna maireachtála, bealaí chun maireachtáil i gcomhar le chéile, agus luach a chur ar chórais, traidisiúin agus creidimh chomh maith”. D’fhéadfadh sé go gcuirfear an ealaín agus an oidhreacht san áireamh leis seo, agus an spórt, an eolaíocht, an dúlra, an bia, caithimh aimsire, rannpháirtíocht an phobail agus araile chomh maith.
Cad é atá difriúil faoi na rudaí a dhéanann tú?
Tá sé i gcroílár gach rud a dhéanaimid go dtéitear i bhfeidhm ar mhuintir Bhaile Átha Cliaht. Tagann ár gcláir go léir ó chomhráite a gcuirtear ar siúl do mhuintir Bhaile Átha Cliath i rith na bliana ar fad, agus cuirtear tús áite dóibh. Is mian linn go bhfaighidh gach aon duine i mBaile Átha Cliath raon leathan d'eispéiris chultúrtha, go bhfaighidh siad rochtain orthu agus go mbainfidh siad tairbhe astu. Ba mhaith linn bealaí a chur ar fáil do dhaoine chun teacht ar an gcultúr agus chun dul i mbun gníomhartha leis ina gceantar féin i gcuideachta a chéile le daoine a bhfuil aithne acu orthu.
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh ann?
Tá go leor bealaí ann ar féidir leat páirt a ghlacadh inár san obair a dhéanaimid agus in imeachtaí cultúir i do cheantar féin, faigh tuilleadh eolais anseo. Molaimid duit clárú lenár nuachtlitir mhíosúil - is féidir leat síntiús a dhéanamh leis anseo - agus súil a choinneáil ar ár leathanach “Nuachta”. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin ag info@dublincitycouncilculturecompany.ie agus cabhróidh ball dár bhfoireann leat teacht ar bhealach chun teagmháil a dhéanamh linn.
Conas is féidir liom obair a dhéanamh daoibh?
Cuirimid aon deiseanna oibre suas ar ár láithreán gréasáin. Molaimid duit súil a choinneáil ar ár láithreán gréasáin agus muid a leanúint ar na meáin shóisialta chun a bheith cinnte go bhfaigheann tú amach faoi aon deiseanna a bhíonn ann de réir mar a thagann siad chun cinn. Fostóir comhdheiseanna is ea Cuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Conas is féidir liom mo chuid tuairimí a roinnt leat?
Is é ár n-uimhir ghutháin teagmhála ná 01 524 0346 agus is é ár bpríomhsheoladh ríomhphoist ná info@dublincitycouncilculturecompany.ie. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh agus cuirfimid tú i dteagmháil leis an duine is oiriúnaí chun do cheist a phlé.
Cén fáth ar cuireadh Cuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mbun, agus cathain a rinneadh é sin?
Rinneadh Cuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chorprú i mí an Mhárta 2018 Cuideachta chun cur leis an obair a bhí déanta le Culture Connects i mBaile Átha Cliath (2016-2018), clár píolótach a d'eascair as tairiscint ar son na cathrach le bheith mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. In 2018, d’osclaíomar ár gcéad chlár tógála cultúrtha 14 Sráid Henrietta. Bímid ag comhoibriú le daoine, le pobail, le heagraíochtaí cultúrtha, le gnólachtaí, agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun eispéiris chultúrtha a daingniú agus chun cur leis an rannpháirtíocht chultúrtha ar fud Bhaile Átha Cliath. Mar gheall ar chuideachta solúbtha, sofhreagrach atá tiomanta don chultúr agus a oibríonn le go leor rannáin agus ranna san chomhairle a bheith curtha i mbun, fágtar go bhfuil an cultúr mar phríomhghníomhaíocht de chuid Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus mar ghné ríthábhachtach de shaol na cathrach.
Cad é an gaol atá agat le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath:
Tá an Cuideachta, ar cuideachta faoi theorainn ráthaíochta í, go hiomlán faoi úinéireacht ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Inár gcuid oibre, déanaimid comhpháirtíocht leis an Roinn Cultúir de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CRES), lena n-áirítear páirceanna, leabharlanna, agus an oifig ealaíon, agus rannóga eile laistigh den Chomhairle amhail an rannán forbartha pobail agus na hoifigí ceantair.
Cé atá ar an mbord?
Féach ar cé atá ina gcomhaltaí ar an mbord againn anseo.
Cá bhfaighidh tú do mhaoiniú?
Táimid maoinithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar chuid dá n-infheistíocht bhliantúil sa chultúr.