Fúinn
Forléargas
Reáchtálann Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tionscnaimh agus foirgnimh chultúrtha ar fud na cathrach, le muintir Bhaile Átha Cliath agus dóibhsean.Bímid ag comhoibriú le daoine, le pobail, le heagraíochtaí cultúrtha, le gnólachtaí, agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun eispéiris chultúrtha a leabú agus chun rannpháirtíocht chultúrtha a mhéadú ar fud Bhaile Átha Cliath.
Tugadh Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath isteach i mí Márta 2018. Is í ár bhfís ná go gcruthófar naisc idir daoine agus an áit a bhfuil cónaí orthu trí chruthaitheacht agus trí rochtain ar chultúr i mBaile Átha Cliath
Táimid tiomanta chun tionchar inbhuanaithe a sheachadadh trí eispéiris chultúrtha atá inrochtana agus spreagúil a leathnaíonn nósanna cultúrtha, a chruthaíonn naisc agus a fhásann muinín chultúrtha.

Stair
Cuirtear tús le scéal Chuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cúpla bliain ó shin in 2015, nuair a bhí Baile Átha Cliath ag ullmhú le tairiscint a dhéanamh le bheith roghnaithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Cé nár éirigh leis an tairiscint sin, cuireadh tús le tionscnamh cruthaitheach mar gheall ar an obair a bhí déanta chun é a fhorbairt.
Bhí daoine sa chathair ag teacht le chéile agus ag caint. Phléigh siad cúrsaí an tsaoil agus smaointe a bhí acu agus iad ag ól cupáin tae. Chuir siad pleananna le chéile - agus ansin tionscadail - agus de réir a chéile thángamar ar bhealach nua chun obair a dhéanamh i gcomhar le chéile.
Is as an obair sin a d'fhás Culture Connects, tionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus in 2016 thosaigh sé ag triail cuid de na smaointe agus na luachanna a forbraíodh le linn an phróisis tairisceana. Dhírigh obair Culture Connects Bhaile Átha Cliath ar chláir chultúrtha a fhorbairt atá bunaithe ar luachanna na rannpháirtíochta, na comhpháirtíochta, na hábharthachta, na forbartha acmhainneachta agus na cáilíochta.
Ag croílár na hoibre uile seo, bhí misean chun teagmháil a dhéanamh le daoine agus le pobail ar fud na cathrach tríd an gcomhrá agus an cultúr. In 2016, rinne Culture Connects Bhaile Átha Cliath roinnt clár a thrialú, lena n-áirítear An Comh-Mhuintearas Náisiúnta, Comhaltacht Tiomsaithe Airgid Bhaile Átha Cliath, Saotharlann AE, Iniúchadh & Léarscáil Cultúrtha.
Leanann cuid de na cláir seo ar aghaidh inniu agus tá cuid acu tar éis teacht ar aghaidh, ach tá tionchar fágtha acu uile ar an obair a dhéantar i gCuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Cuireann Cuideachta Chultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath leis an obair a rinne Culture Connects Bhaile Átha Cliath (2016-2018) ar aon dul le straitéis chultúrtha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (2016-2021).
Tá ár dtuairim go mbraitheann daoine níos sábháilte agus níos láidre nuair a bhraitheann siad go bhfuil siad nasctha le chéile sa phobal, agus go bhfuil siad níos sláintiúla, le brath inár gcuid clár agus tionscadal.