Cláir

14 Sráid Henrietta
Iarsmalann staire sóisialta de shaol Bhaile Átha Cliath is é 14 Sráid Henrietta, ina ndéantar scrúdú ar shaol aon fhoirgnimh amháin, ó thús Ré Sheoirse suas go dtí aimsir na dtionóntán. Déanaimid ceangal idir 300 bliain de stair an saoil uirbigh agus scéalta na ndaoine a chuir fúthu san áit seo.

Club Cultúir
Is éard atá i gceist le Club Cultúrtha ná sraith cainteanna, turas, ceardlanna, agus léirithe a thugann blaiseadh beag do dhaoine faoi ghailearaithe, leabharlanna, músaeim agus áiteanna cruthaithe ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath.Tugaimid cuireadh do dhaoine áiteanna cultúrtha Bhaile Átha Cliath a fheiceáil, taithí a fháil orthu agus foghlaim fúthu chomh maith.Tá na himeachtaí saor in aisce ach ba chóir iad a chur in áirithe roimh ré.

Tionscadail don Chlub Cultúrtha
Nascaimid daoine agus áiteanna cultúrtha ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath.Cruthaíonn Tionscadail don Chlub Cultúrtha bealaí do dhaoine le cultúr a chruthú le chéile, a bheadh múnlaithe lena smaointe agus lena spéiseanna. Nascaimid daoine le healaíontóirí, le leabharlanna, le músaeim agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud na cathrach.

Cupán Tae & Comhrá
Ba mhaith linn éisteacht, iniúchadh agus foghlaim faoina bhfuil tábhachtach do mhuintir Bhaile Átha Cliath, chun tuiscint a fháil ar a bhfuil tábhachtach dóibh.

Dún Richmond
Déanaimid daoine agus pobail a cheangal tríd an gcultúr agus comhrá. Nuair a bhraitheann daoine ceangailte lena gceantar áitiúil, braitheann siad níos sábháilte agus níos láidre, agus bíonn siad níos sláintiúla.

Culture Connects (Naisc Cultúir)
Ba mhaith linn bealaí a oscailt do dhaoine triail a bhaint as gach cineál cultúir.

Creative Residency
We create partnerships to try out ideas, test new approaches and add to the city’s cultural vibrancy.Creative Residencies encourage makers and experts to pilot new partnerships with organisations.

Iniúchadh ar Chultúr agus Léarscáil Chultúrtha
Tá bunachar sonraí agus léarscáil de chultúr Bhaile Átha Cliath tógtha againn.

Cultúr in Aice Leat
Táimid ag athrú foirgnimh, eagraíochtaí agus líonraí na cathrach ionas go bhfuil siad níos éasca le feiceáil agus le haimsiú.

Staraithe Cónaithe Chathair Bhaile Átha Cliath
Oibríonn Staraithe Cónaithe Chathair Bhaile Átha Cliath i gceantair ar fud na cathrach chun dúil mhuintir na háite a spreagadh sa stair agus chun foinsí agus plé stairiúil, go háirithe cnuasaigh stairiúla Leabharlann agus Chartlann Bhaile Átha Cliath, a chur chun cinn.

Staraí Cónaitheach do Pháistí
Tá Staraí Cónaitheach do Pháistí i mBaile Átha Cliath ó 2020 i leith.Is é an Dr Lorcan McEvoy an staraí reatha.

Féile Staire Bhaile Átha Cliath
Is féile bhliantúil í Féile Staire Bhaile Átha Cliath le himeachtaí saor in aisce amhail siúlta, cainteanna, turais, taispeáintí, agus go leor eile.

Grúpa Comhairleach
Is mian linn iniúchadh agus fáil amach, le daoine eile, chun an méid a dhéanaimid a fheabhsú go leanúnach. Tá a fhios againn go bhfuilimid níos láidre le chéile agus mar sin téimid i gcomhairle go forleathan agus ionchorpraímid an smaointeoireacht atá ar fáil inár gcuid oibre chun a ábharthacht agus a cháilíocht a chinntiú.