An Nuacht is Déanaí

Nuacht, An chaoi a n-oibríonn muid | 20 Lúnasa 2025

An chaoi a n-oibríonn muid: Ár gComhpháirtíochtaí a Fhorbairt

Hugh Lane Collab

Idir Chupán Tae agus Comhrá agus cheardlanna le Gailearaí Hugh Lane.

Is mór againn éisteacht, plé agus foghlaim le muintir Bhaile Átha Cliath, d’fhonn a bhfuil tábhachtach acu a thuiscint agus d’fhonn tacú leo chun a nósanna cultúrtha a leathnú agus chun a muinín chultúrtha a chothú. Cuirimid daoine féin i gcroílár ár gcuid oibre agus dírímid ár saineolas ar thacaíocht do rannpháirtíocht chultúrtha atá fiúntach marthanach ar fud na cathrach.

Agus ár gcomhpháirtíocht sheanbhunaithe le Gailearaí Hugh Lane mar thaca linn, chomhoibríomar leis le déanaí ar a thionscadal Citywide Salons (Salóin ar fud na Cathrach).

I rith mhí Iúil agus mhí Lúnasa, rinneamar nasc idir ceithre ghrúpa pobail éagsúla ó limistéar Bhaile Átha Cliath 1, a raibh aithne againn orthu ónár gclár Cupáin Tae & Comhrá, agus Gailearaí Hugh Lane i gcomhair sraith ceardlann chun grúpaí áitiúla a spreagadh le dáimh níos doimhne a chothú le háit chultúrtha atá ar leac an dorais acu.

Is ionann Cupán Tae & Comhrá agus clár leanúnach ina mbíonn daoine ag comhrá go hoscailte neamhfhoirmeálta thar chupán tae maidir lena bhfuil tábhachtach acu. Trínár gcuid éisteachta agus ceangal, is féidir linn caidreamh a bhunú le daoine, comhoibriú leo agus bealaí a mholadh dóibh chun blaiseadh a fháil de chultúr na cathrach. Déanann ár bhfoireann de Chomhordaitheoirí Rannpháirtíochta sa chlár éascaíocht ar chomhráite i bpobail, bíodh sé sin i ngrúpaí nó le daoine aonair, fud fad na cathrach. Cuirimid na ceachtanna ó na comhráite sin i bhfeidhm ar fud ár dtionscadal lenár gcomhpháirtithe cultúrtha.

Ó thaobh thionscadal lucht Ghailearaí Hugh Lane de, rinneamar ceangal idir iad agus an Grúpa Tacaíochta do Mháithreacha Úcránacha de chuid Chomhpháirtíocht na bPobal Nua (CPN), Seirbhís Shráid Henrietta do Dhaoine Breacaosta, teaghlaigh ó Ionad Acmhainní Teaghlaigh Shráid an Chnoic agus Club Sóisialta na bhFear de chuid Sheirbhís Shráid Henrietta um Oideachas Aosach agus Pobail (HOAP).

Bhailigh ár gComhordaitheoirí Rannpháirtíochta faisnéis faoi spéiseanna na ngrúpaí, téamaí ginearálta na gcomhráite agus na constaicí a chuirtear ar rochtain ar ghníomhaíochtaí cultúrtha a phléigh siad inár seisiúin Cupáin Tae & Comhrá. Ina dhiaidh sin, roinneamar an fhaisnéis a bailíodh le foireann Oideachais agus For-rochtana Ghailearaí Hugh Lane agus rinneamar moltaí chun a chinntiú gurbh fhéidir le gach grúpa páirt iomlán a ghlacadh sa tionscadal.

Phéireáil foireann Ghailearaí Hugh Lane ealaíontóir(-í) le gach grúpa chun ceardlanna aonair a cheapadh i gcomhréir lena raibh ráite ag na grúpaí linn. As sin a d’eascair sraith ceardlann inar pléadh spéiseanna na ngrúpaí agus, ar a bharr sin, inar freastalaíodh ar a riachtanais shonracha chun cabhrú le dul i ngleic roinnt de na constaicí a bhí luaite acu.

Thug ár gComhordaitheoirí Rannpháirtíochta tacaíocht do na ceardlanna i rith an ama, agus timpeallacht chairdiúil fháilteach á héascú acu don ghrúpa in éineacht le Scoláire Coimeádaíochta Fulbright Ghailearaí Hugh Lane agus Ceann an Oideachais agus na For-rochtana Pobail dá chuid. Gné bhunriachtanach den tionscadal ab ea an méid sin, ar dá bharr a coinníodh an comhleanúnachas ar fud na dtionscadal, a cabhraíodh le bunú caidrimh agus a tugadh deis do na grúpaí tuilleadh eolais a fháil ar bhealaí chun rannpháirtíocht a dhéanamh le Gailearaí Hugh Lane.

Bhí an Grúpa do Mháithreacha Úcránacha de chuid CPN ag obair leis an ealaíontóir is áisitheoir Olga Vnukova ar shraith ceardlann inar pléadh téamaí an nirt, na hathléimneachta agus an fhéinchumhachtaithe ó thaobh a n-aitheantais mar mhná Úcránacha a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.

I ngach seisiún, thug Olga an grúpa ar thuras chun limistéar éagsúil den ghailearaí a bhí mar inspioráid dóibh sna saothair ealaíne a chruthaigh siad. Chothaigh sí atmaisféar socair suaimhneach le ceol agus sólaistí le linn gach seisiúin gníomhaíochta, agus é á thabhairt in Úcráinis amháin aici chun go mbeadh gach rannpháirtí in ann é a leanúint ina iomláine.

‘We could connect with ourselves and each other’ - Rannpháirtí ceardlainne.

‘I was able to forget about my problems. It was a time of relaxation where I could express my feelings’ - Rannpháirtí ceardlainne.

Ghlac Seirbhís Shráid Henrietta do Dhaoine Breacaosta páirt in dhá cheardlann a eagraíodh ina ngnátháit chruinnithe i Seirbhísí Pobail Iníonacha na Carthanachta, 9 Sráid Henrietta. Sa chéad cheardlann, reáchtáil an t-ealaíontóir Michelle Hall seisiún ‘Comhrá agus Líníocht’ leis an ngrúpa, inar pléadh an scéalaíocht, na cuimhní agus an líníocht i dtimpeallacht chairdiúil.

Is iad na ceangail idir an ceol beo agus an amharc-ealaín a phléigh an t-ealaíontóir Anca Danila agus na ceoltóirí Johnny Batista, Richard Ng agus Segun Akana i rith an dara ceardlann. Lena linn sin, spreagadh na rannpháirtithe le triail a bhaint as líníocht mar fhreagairt ar léiriú beo snagcheoil.

‘One of the highlights for me was seeing participants who began just listening and were reluctant to sketch, join in with the rest of the group after only a few minutes - sketching and even dancing, filling the room with smiles and joy all around. It was truly heartwarming and a wonderful reminder of the power of art to connect and engage people’ - Ealaíontóir a rinne áisitheoireacht ar an gceardlann.

Do chuid den ghrúpa, ba rud nua ar fad dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht líníochta agus bhí bís orthu a saothar a thaispeáint:

‘I drew this! I’ve never drawn before!’ - Rannpháirtí ceardlainne.

Tugadh Club Sóisialta na bhFear de chuid HOAP isteach i spás oideachais an ghailearaí le tabhairt faoina gceardlanna, a raibh múnlú rilífe leis an dealbhóir Kathryn Maguire i gceist sa chéad seisiún agus ar reáchtáil an file Grace Wilentz an dara seisiún acu. Le linn a ceardlainne, chuaigh Kathryn trí phróiseas iomlán an mhúnlaithe rilífe leis an ngrúpa, ó ghearradh na cré agus inphriontáil a n-ábhar go doirteadh an phlástair.

‘I was very impressed by the craft room, the huge amount of work that was involved in setting it up and all the materials for us on hand to use’ - Rannpháirtí ceardlainne.

Sa seisiún filíochta, spreagadh an grúpa le machnamh a dhéanamh ar a gcuimhní pearsanta chun inspioráid a fháil dá gcuid scríbhneoireachta. Léigh cuid mhór acu a gcuid saothair os ard, a raibh glacadh an-tacúil ag an lucht éisteachta leo.

‘Definitely the gallery will now be a go-to place for me to enjoy. There definitely is a place for the arts in wellness’ - Rannpháirtí ceardlainne.

Tugadh cuireadh do pháistí idir dhá agus ceithre bliana d’aois ó Ionad Acmhainní Teaghlaigh Shráid an Chnoic chuig dhá bhabhta taiscéalaíochta ar Ghailearaí Hugh Lane agus na spásanna áitiúla allamuigh leis na healaíontóirí Helen Barry agus Ashleigh Downey.


Bhí sceitimíní ar leith ar na páistí chun súgradh le taispeántas idirghníomhach Helen dar teideal Boghanna Báistí Beaga sa ghailearaí agus chun triail a bhaint as léarscáil chéadfach sí Ashleigh i dTaiscumar Bhaile Coimín. Chuir dúil a gcuid páistí sna gníomhaíochtaí an-áthas ar na tuismitheoirí freisin, a raibh ar intinn acu freastal ar an imeacht Ealaín agus an Saol Amuigh de chuid Ghailearaí Hugh Lane tar éis dóibh páirt a ghlacadh sna ceardlanna.

'This is the longest he has ever drawn for!' - Tuismitheoir a d’fhreastail ar an gceardlann.

Táimid ag tnúth le bheith ag tógáil ar rath an chomhoibrithe le Gailearaí Hugh Lane agus ag neartú ár gcomhpháirtíochta leo go seasta. Leanfaimid de bheith ag machnamh ar chomhoibriú den chineál céanna lenár gcomhpháirtithe chun deiseanna nua a thabhairt do dhaoine agus pobail, d’fhonn nósanna cultúrtha a leathnú, ceangail a bhunú agus tacú le daoine i leith fhorbairt a gcruthaitheachta féin.