Nuacht

How we work | 13 Meán Fómhair 2024

An chaoi a n-oibríonn muid: An luach atá le bunú comhpháirtíochtaí éifeachtúla

Screenshot 2024 09 12 at 15 58 29

Is iad ár luachanna – an Rannpháirtíocht, an Chomhpháirtíocht, an Ábharthacht, an Cháilíocht agus an Fhorbairt Inniúlachta – atá mar threoir againn sa Chomhlacht Cultúir.

ár luachanna mar threoir againn sa Chomhlacht Cultúir. Treoraíonn siad an méid a dhéanaimid agus an chaoi lena bhaint amach. Déantar cur síos i Straitéis an Chomhlachta, 2019-2024, ar an gcaoi a gcuirimid daoine féin i gcroílár ár gcuid oibre faoi threoir luachanna na Rannpháirtíochta, na Comhpháirtíochta, na hÁbharthachta, na Cáilíochta agus na Forbartha Inniúlachta dár gcuid.

De bharr luach na Comhpháirtíochta, is eol dúinn nach neart go cur le chéile. Tá an Comhlacht Cultúir mar spreagthóir chun nasc a dhéanamh idir daoine agus eagraíochtaí i ndáil le fás an eolais, na tuisceana agus an mheasa. De thoradh daoine agus eagraíochtaí cruthaitheacha a thabhairt le chéile agus ceangail a dhéanamh tríd an gcultúr agus an comhrá, forbróimid agus roinnfimid modhanna nua oibre.

Ag deireadh na bliana 2023, chuireamar ceist ar roinnt rannpháirtithe, comhpháirtithe, ealaíontóirí agus lucht déanta cultúir dár gcuid cé chomh fiúntach agus atá a gcuid oibre agus taithí leis an gComhlacht Cultúir. Tá an físeán seo mar léiriú ar an luach atá le bunú comhpháirtíochtaí éifeachtúla. Pléann na cainteoirí an chaoi a dtugaimid daoine le chéile, a bhfaighimid amach faoina bhfuil is tábhachtaí acu agus a ndéanaimid tionscadail chultúrtha fhreagrúla i gcomhar leo. Cuirimid daoine féin i gcroílár an bpróisis sin, a bhíonn faoi threoir ár luachanna i gcónaí.

Buíochas le Helen Barry, Una Doyle, Brian Fleming agus Phil Kingston as a gcuid ionchuir. Is é Motherland a scannánaigh an físeán seo agus a chuir in eagar é.