An Nuacht is Déanaí

An chaoi a n-oibríonn muid | 01 Bealtaine 2024

An chaoi a n-oibríonn muid: ár ndul chun cinn i dtreo inrochtaineachta

2 girls stand balancing together in the gardens of Richmond Barraks Inchicore Dublin 8

an inrochtaineacht fite fuaite inár bhfís, ár ngníomhaíochtaí, ár gcláir agus struchtúr ár gComhlachta. Táimid tiomanta do na caighdeáin is airde a choinneáil ina thaobh sin agus déanaimid ár ndícheall a bheith mar eiseamláir d’eagraíochtaí eile in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir.

Inár mBeartas Inrochtaineachta Uilíche, leagtar amach creat de réimsí leathana a ndírímid orthu chun ár gcuid modhanna oibre, fócais agus soláthair a fhorbairt. Táimid ag obair faoin gcreat sin faoi láthair chun leanúint orainn ag forbairt ár bhfoirgneamh agus an Chomhlachta Cultúir ar an iomlán chun iad a dhéanamh inrochtana ag an raon is leithne is féidir de dhaoine.

Tá 10 réimse tiomantais ann inár mBeartas, agus iad leagtha amach anseo istigh in éineacht le samplaí den obair atá ar bun againn ina leith:

Táimid tiomanta don dearadh agus don inrochtaineacht uilíoch mar chuid de gach tionscnamh cultúrtha.

Tá sé mar aidhm againn gach rud a dhéanamh chomh inrochtana agus is féidir, ónár n-úsáid teanga go scríbhneoireacht ár scripteanna, pleanáil ár n-imeachtaí, cruthú ár gcomharthaíochta, dearadh ár suíomhanna gréasáin agus tuilleadh eile.

Mar shampla, de réir mar is féidir, cuirtear fotheidil lenár bhfíseáin agus déantar ár bpostálacha ar na meáin shóisialta a optamú le haghaidh úsáideoirí léitheoirí scáileáin. Déanaimid iarracht téacs malartach a leabú isteach sna híomhánna a úsáidimid ar fud ár n-ardán sóisialta.

scéal físiúil faoi 14 Sráid Henrietta ar fáil anois, agus é breisithe le moltaí ó iniúchóireacht a rinne AsIAm le déanaí. Tá léarscáil chéadfach de 14 Sráid Henrietta agus insint shóisialta faoi Dún Richmond á bhforbairt againn, a dtacaíonn AsIAm leo freisin. Cuirfidh siad sin ar chumas daoine néara-éagsúla cuairt ar ár bhfoirgnimh a phleanáil roimh ré.

Cuirimid turais i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar fáil in 14 Sráid Henrietta agus tá formáid ár gcainteanna a forbairt againn d’fhonn ateangaireacht go TCÉ a chur leo.

Coimisiúnaímid iniúchóireachtaí ar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas chun go ndéantar ár bhfoirgneamh agus ár suíomhanna gréasáin a iniúchadh go leanúnach. Bainimid leas as sainchomhairle atá cothrom le dáta chun an inrochtaineacht a fheabhsú ar fud ár dtairiscintí.

Lorgaímid comhairle ar phiaraí go gníomhach chun feabhas leanúnach a chur ar ár dtairiscintí agus chun a chinntiú go mbíonn gach rud á mheas ón uile thaobh againn, ar eagla go ndéanaimidne dearmad ar rud éigin.

Déanaimid beart de réir sainchomhairle; mar shampla, is ar chomhairle AsIAm a chuireamar fearais chéadfacha ar fáil in 14 Sráid Henrietta agus Beairic Richmond. Tá aistreoga sábháilteachta curtha ar na doirse gloine agus na fuinneoga móra go léir ar mhaithe le sábháilteacht na ndaoine breacamharcacha.

Táimid i mbun creidiúnú AsIAm agus Chárta JAM (Nóiméad Amháin) a fháil do Bheairic Richmond agus 14 Sráid Henrietta araon.

Is bunriachtanach an oiliúint foirne chun cabhrú leis an gComhlacht Cultúir a fhás go leanúnach, agus an inrochtaineacht, an rannpháirtíocht foirne agus an choinneáil foirne ina measc sin. Cuirimid uasoiliúint orainn féin go seasta i réimsí a bhaineann le rochtain agus ionchuimsiú, amhail tuiscint agus tacaíocht i leith néara-éagsúlachta agus úsáid Bhéarla shimplí (Plain English), faoi threoir na hÁisíneachta Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (ÁNLA). Bíonn scileanna, eolas agus taithí ár bhfoirne i leith a gcuid oibre linn á bhforbairt againn i gcónaí.

éachaimid le lucht saothair ina bhfuil an-éagsúlacht a mhealladh chun an Comhlacht a choinneáil faoi bhláth. Tá roinnt céimeanna ann atá éasca le cur i bhfeidhm ina thaobh sin. Cuirimid ár gceisteanna earcaíochta ar fáil d’iarrthóirí roimh an agallamh chun gur féidir leo iad féin a ullmhú, mar shampla, agus iarraimid orthu insint dúinn faoi aon socrú réasúnta a bheadh le déanamh chun cabhrú leo feidhmiú i mbarr a maitheasa lena linn. Is mar thoradh ar a raibh foghlamtha ag roinnt baill foirne sa seisiún oiliúna Tacú le Néara-éagsúlacht san Áit Oibre de chuid Ghnóthaí Poiblí Éireann (GPÉ) a rinneadh an dá choigeartú sin.

Cé go n-aithnímid go mbeidh tuilleadh ama agus acmhainní de dhíth againn chun céimeanna eile a chur i bhfeidhm, féachaimid le coinneáil suas leis na dea-chleachtais.

Cloítear leo sin inár mBeartais Acmhainní Daonna, atá ceaptha chun lucht saothair atá chomh héagsúil leis na pobail a bhfreastalaíomar orthu a mhealladh. Déanaimid aon socrú réasúnta is gá chun an sprioc sin a bhaint amach, ag tosú leis an bpróiseas earcaíochta. Ar mhaithe le coinneáil na mball foirne óna thaobh sin tar éis dóibh teacht isteach sa Chomhlacht Cultúir, tugaimid an tacaíocht is gá dóibh chun obair a dhéanamh agus scileanna a fhorbairt ar a mbuaic.

Táimid tiomanta do mhodhanna oibre a choigeartú, d’fhonn cabhrú le gach ball foirne a fheidhmiú i mbarr a maitheasa agus d’fhonn a chinntiú go mbíonn an oiliúint agus na hacmhainní ar fáil do bhainisteoirí chun tacú leis sin.

Bíonn an Comhlacht Cultúir ag díriú go seasta ar bhailiú aiseolais agus páirt a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas chun a riachtanais dearaidh agus inrochtaineachta uilíche a aithint i ndáil le tionscnaimh chultúrtha Bhaile Átha Cliath a chruthú, a sholáthar agus a mheasúnú.

Inár bhfoirmeacha aiseolais go léir, tá ceisteanna ann maidir le hinrochtaineacht agus rochtain ar ár gcuid seirbhísí agus foirgneamh, d’fhonn faisnéis a bhailiú ón raon is leithne is féidir de dhaoine. Gach bliain, cuirimid ‘rúnsiopadóir’ i mbun cuairte ar ár suíomhanna chun aon rud a bhfuil cuma chasta nó neamhshimplí air a chur ar ais chugainn ionas gur féidir linn oibriú chun rochtain ar ár n-eolas, ár n-ábhar agus ár n-inrochtaineacht fhisiciúil a fheabhsú ar mhaithe lenár seirbhís do chustaiméirí a choinneáil ar ardleibhéal.

o nuige seo, tá aiseolas dearfach tugtha ar inrochtaineacht ár bhfoirgneamh, ár gclár agus ár n-imeachtaí. Sa Sunday Times, thuairiscigh an gníomhaí ar son chearta na ndaoine faoi mhíchumas Louise Bruton agus í ag scríobh faoi 14 Sráid Henrietta “go n-éiríonn thar barr le cur i bhfeidhm an ionchuimsithe agus na hinrochtaineachta ann, an oiread sin gur cheart do gach institiúid chultúrtha eile a shampla a leanúint”.

Nuair a bhíonn deis ann, comhchruthaímid tionscadail agus cláir in éineacht le grúpaí. D’iarramar ar dhream ó Vision Ireland (ar a dtugtaí NCBI tráth) páirt a ghlacadh i gclár an Chomh-Mhuintearais Náisiúnta dár gcuid, mar shampla. Chomhoibríomar go dlúth leo chun na ceardlanna a chomhcheapadh chun bheith in oiriúint do riachtanais agus leasanna an ghrúpa sin agus chuireamar an t-ealaíontóir Emilie Conway (a bhfuil lagú radhairc uirthi) i mbun stiúradh an phróisis chruthaithigh.

Rinneadh dearadh uilíoch ar an bhfaisnéis go léir atá foilsithe ag an gComhlacht Cultúir, agus í inrochtana ag cách. Déanfaimid athbhreithniú agus athfhorbairt rialta ar na suíomhanna gréasáin, an t-ábhar clóite agus aon cháipéis eile dár gcuid, bíodh siad poiblí nó inmheánach, chun a chinntiú go gcloítear leis an gcur chuige sin. Nuashonraíomar treoir stíle an Chomhlachta chun ceachtanna ó thaobh teanga, formáide agus dearaidh de ó cheardlanna oiliúna NALA maidir le Béarla simplí a chur san áireamh inti.

Mar chuid dár measúnú ar ábhair soláthróirí agus muid i mbun earraí agus seirbhísí a fháil, iarraimid fianaise orthu ar thiomantas don ionchuimsiú agus don inrochtaineacht agus oibrímid go crua chun a léiriú dóibh a thábhachtaí a bhfuil an tiomantas sin againn.

Tá sé mar aidhm againn, an Comhlacht Cultúir, a chinntiú go mbíonn ár seirbhísí agus ár bhfoirgnimh phoiblí go hiomlán inrochtana. Déanaimid ár ndícheall i gcónaí chun ár n-áiseanna agus ár seirbhísí a fheabhsú. Tá Cuid M á comhlíonadh ag 14 Sráid Henrietta agus Dún Richmond araon, ainneoin beagán srianta leis an rochtain fhisiciúil ar limistéir foirne na bhfoirgneamh. Ó thaobh foirgnimh stairiúla atá faoi chosaint de, tá dúshláin ann maidir leis an rochtain fhisiciúil ar roinnt limistéar a fheabhsú, ach caithimid dúthracht le teacht ar bhealaí chun réiteach a fháil nó chun oibriú thart ar na fadhbanna sin. Mar shampla, socróimid spásanna oibre ar bhunurlár Dún Richmond más gá.

Cinntímid go bhfreastalófar, in aon chás éigeandála, ar riachtanais sláinte agus sábháilteachta na gcuairteoirí, na n-oibrithe deonacha, na gconraitheoirí agus na mball foirne go léir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Cruthaítear ráiteas sábháilteachta don bhall foirne aonair má bhíonn ceann de dhíth orthu. Tá pointí glao éigeandála againn ar fud an dá fhoirgnimh agus tá cathaoir aslonnaithe ar fáil in 14 Sráid Henrietta, a bhfuil oiliúint curtha ar an bhfoireann lena húsáid.

Ó thaobh ár gcuid turas, cruinnithe, seimineár agus imeachtaí sa phobal de – bíodh turais siúil nó imeachtaí i spásanna eile, inár spásanna féin nó i bhfoirgnimh ár gcomhpháirtithe i gceist – cinntímid go gcuirtear inrochtaineacht san áireamh sa chlár pleanála agus gurb éasca teacht ar fhaisnéis faoi rochtain.

Bhí an inrochtaineacht agus an t-ionchuimsiú i gcroílár na pleanála in dhá thaispeántas, Counterpunch agus The Archive Within Us, idir roghnú ionad na dtaispeántas agus bhailiú an aiseolais ar na cuairteanna.

Dearadh an dá thaispeántas go speisialta chun spás leordhóthanach a thabhairt do chathaoireacha rothaí agus chun na saothair ealaíne a shuiteáil ar airde inrochtana. Bhí spásanna ciúine agus lipéid, comharthaí agus leabhráin inar cloíodh le treoirlínte an Bhéarla shimplí ar fáil iontu.

In The Archive Within Us, soláthraíodh leagan tráchtaireachta fuaime den turas agus seomra idirghníomhach, a raibh dearadh digiteach le déanamh air ar dtús, ach a ndearnadh dearadh analógach de sin chun bheith inrochtana ag cách. Measúnaíodh na taispeántais i ndáil le rath a mbeart inrochtaineachta agus cuirfear an t-aiseolas lena mbaineann san áireamh i ndearadh taispeántais sa todhchaí.

Dhá shampla den chaoi a n-úsáidtear ar bhfoirgnimh mar spásanna inrochtana don phobal i gcoiteann is ea ár gcláir Naisc Cultúir agus Spásanna Cultúrtha. Bíonn inrochtaineachta fhoirgnimh agus cur chuige oscailte ionchuimsitheach an Chomhlachta Cultúir i measc na gcritéar ar dá réir a roghnaíonn eagraíochtaí ár spásanna mar ionaid a n-imeachtaí.

Mar shampla, roghnaíodh Dún Richmond mar ionad an dá fhéile Eat the Streets agus Neuroconvergence le déanaí mar gheall ar a hinrochtaineacht fhisiciúil, a dea-naisc le hiompar poiblí agus a spás gairdín. Mar an gcéanna, inár gclár Naisc Cultúir, bíonn na ceardlanna ceaptha chun freastal ar aon aois, leas, leibhéal cumais agus riachtanas.

Ghlac roinnt grúpaí áitiúla a bhfuil riachtanais shonracha acu páirt sa chlár mar thoradh air sin agus bhunaigh a n-imeachtaí féin, go fiú, i gcomhréir lenár n-áiseanna amhail an gairdín pobail.