Nuacht

How we work | 17 Deireadh Fómhair 2025

An chaoi a n-oibríonn muid: Cónaitheachtaí Cruthaitheacha ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath

Decorative creative residency young people in a hip hop dance class with artist justine doswell in bluebell dublin 12 800 x 540

Cruthaíonn muid comhpháirtíochtaí chun triail a bhaint as smaointe, chun cineálacha nua cur chuige a thástáil agus chun cur le scéal cultúrtha na cathrach. Spreagann Cónaitheachtaí Cruthaitheacha an lucht déanta cultúir agus saineolais chun comhpháirtíochtaí nua cómhalartacha a reáchtáil ar bhonn píolótach le heagraíochtaí.

De thoradh daoine agus eagraíochtaí cruthaitheacha a thabhairt le chéile agus ceangail a dhéanamh tríd an gcultúr agus an comhrá, forbróimid agus roinnfimid modhanna nua oibre.

“I had the opportunity to embrace the importance of the sport in my life, be aware of the need of a supportive network to create and to combine it with my current artistic practice, making this relationship with sports way bigger than before, and keep connecting with people through art and movement.”
- Ealaíontóir Cónaitheachta Cruthaithí

Tá comhpháirtíocht ar bun ag an gComhlacht Cultúir don tréimhse 2021-2025 le Roinn Spóirt Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun ealaíontóirí cónaithe a cheapadh chun oibriú le rannpháirtithe ó cheann ceann na cathrach in áiteanna spóirt amhail sa Bhaile Bocht, Baile Átha Cliath 3; sa Chloigín Gorm, Baile Átha Cliath 12; i gCrann Phapáin, Baile Átha Cliath 11; sa Bhaile Gaelach, Baile Átha Cliath 4; i Lár na Cathrach Thuaidh, Baile Átha Cliath 1; i mBaile Munna, Baile Átha Cliath 11; i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath 3; in Inse Chór, Baile Átha Cliath 8; i gCromghlinn, Baile Átha Cliath 12; i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath 6; i nDroimeanach, Baile Átha Cliath 10; agus i Lár na Cathrach Theas, Baile Átha Cliath 2.

Thug 3,326 duine de lucht cónaithe agus oibre Bhaile Átha Cliath cuairt ar chlub spóirt nó ionad spóirt is fóillíochta ina gceantar go nuige seo chun dul i mbun gníomhaíochtaí nua cultúrtha, triail a bhaint as spórt úr nó caitheamh aimsire cruthaitheach nó bualadh le daoine dá bpobal áitiúil.

Bhí naonúr ealaíontóirí ag obair ar feadh 12 mhí, go ginearálta, ar chúrsaí rannpháirtíochta, ceardlanna cruthaitheacha agus forbairt luchtanna an spóirt agus an chultúir araon i dtimpeallacht spóirt.

Ghlac 52 ceann de ghrúpaí pobail agus clubanna spóirt páirt sa tionscnamh go dtí seo. Chuir muid 24 ceann de sheisiúin comhairliúcháin grúpa agus seisiúin éisteachta ar bun agus d’eagraigh muid 281 ceann de cheardlanna, imeachtaí agus taispeántais chruthaitheacha. D’oibrigh rannpháirtithe leis na healaíontóirí i roinnt de na cónaitheachtaí chun saothair ealaíne agus imeachtaí nua a chruthú lena roinnt i measc a bpobail féin.

Ina measc sin, bhí trí shaothar bhuana agus dhá imeacht ceiliúrtha pobail in ionaid spóirt, taispeántais i linn snámha agus in ionad aclaíochta dornála, píosa amharclannaíochta i gclub CLG, gearrscannán arna dhéanamh ag páistí a fhreastalaíonn ar ranganna gleacaíochta rithimí agus cúig mhionscannán faisnéise.

Thug na cónaitheachtaí deis iontach chomhoibrithe dár bhfoireann rannpháirtíochta, dár mbainisteoirí tionscadail agus do bhainisteoirí ionaid spóirt agus oifigigh spóirt Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go dtí seo chun oibriú i gcomhar leis an ealaíontóir cónaithe lena mbaineann.

“This is what community is all about - getting together, having a laugh and sharing some fun between old people and young people”
- Rannpháirtí i gCeiliúradh Phobal an Chloigín Ghoirm, Ionad Caithimh Aimsire an Chloigín Ghoirm.

Chruthaigh muid deiseanna le chéile chun go mbeadh daoine páirteach ina bpobal ar bhealaí éagsúla agus go dtaispeánfaí dóibh conas áiseanna a gceantair a úsáid (den chéad uair nó ar chaoi nua) agus rinne muid ceangal idir grúpaí pobail agus a n-ionad nó a gclub áitiúil.

Is tríd an gcomhpháirtíocht seo go bhfuair muid réidh le constaicí rochtana ar an spórt agus ar na healaíona araon agus gur fhorbair muid rannpháirtíocht na ndaoine iontu, agus triail á baint acu as gníomhaíocht nua spóirt nó chultúrtha, mar shampla.

Chun blaiseadh a fháil den iliomad cónaitheachtaí a bhí ann, féach ar ár ngearrscannán agus foghlaim faoi obair an ealaíontóra damhsa agus gluaiseachta Justine Doswell i bpáirt le daoine aonair, grúpaí pobail agus clubanna spóirt a bhfuil baint acu le hIonad Caithimh Aimsire an Chloigín Ghoirm, Baile Átha Cliath 12.

I mBéarla atá an scannán seo.

Tá físeáin dár gcónaitheachtaí eile ar fáil ar chainéal YouTube an Chomhlachta Cultúir.

B’éagsúil na healaíontóirí ina gcur chuige ealaíonta agus cultúrtha go dtí seo, lenar áiríodh déanamh ealaíne agus amharc-ealaín le Siobhán O’Callaghan, Mark Joyce; Damhsa agus gluaiseacht: Karen Aguiar, Justine Doswell; Ealaín ilmheán: Sharon Kelly, Chinedum Muotto, Aine O’Hara; agus Amharclannaíocht: Timmy Creed.

Ár bpróiseas - Conas a dhéanann muid Cónaitheachtaí Cruthaitheacha i dtimpeallachtaí spóirt

Oibríonn muid go dlúth le Roinn Spóirt Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun rannpháirtíocht dhea-oiriúnaithe a fhorbairt le pobail agus ealaíontóirí, atá in ann cabhrú le chéile i dtreo chomhlíonadh a spriocanna féin, amhail an spórt nó na healaíona a chur i láthair luchtanna nua, rannpháirtíocht sa chultúr a mhéadú, borradh a chur faoi spásanna nach mbaintear dóthain úsáide astu, deiseanna níos éagsúla a chruthú, comhluadar níos láidre a chothú nó freastal ar spriocghrúpa ar leith.

Bhuail muid le hoifigigh spóirt agus bainisteoirí ionaid spóirt nó clubanna chun breis eolais a fháil faoi rannpháirtíocht sa spórt ar fud na cathrach, faoin úsáid a bhaintear as na hionaid sin agus faoin gcaidreamh atá acu leis na bpobail áitiúla cheana. Ina dhiaidh sin, d’eisigh muid gairm oscailte i gcomhair ealaíontóirí agus phéireáil muid na daoine a roghnaíodh le clubanna nó ionaid.

Cheap muid comhordaitheoirí rannpháirtíochtaí sna pobail áitiúla ansin chun seisiúin Cupáin Tae & Comhrá a eagrú le húsáideoirí na n-ionad agus le grúpaí pobail áitiúla, d’fhonn cur lenár dtuiscint ar riachtanais gach pobail, ar na gníomhaíochtaí cruthaitheacha a mbeadh suim ag daoine iontu nó ar an úsáid a bhaintear as an ionad nó an club faoi láthair chun a fháil amach arbh fhéidir tuilleadh deiseanna rannpháirtíochta cultúrtha a fhorbairt in áiteanna atá scoite ó spásanna cultúrtha.

Mar thús lena gcónaitheachtaí faoi seach, rinne na healaíontóirí bunáit den ionad nó den chlub spóirt a sannadh dóibh, d’fhonn bualadh lena oiread daoine agus is féidir, eolas a thabhairt dóibh faoin gcónaitheacht agus a rannpháirtíocht a spreagadh. Reáchtáil gach ealaíontóir ceardlanna ‘triail féin é’ chun smaointe a thástáil, arbh ina dhiaidh sin a d’oibrigh siad le grúpaí agus daoine aonair go rialta chun ceardlanna cruthaitheacha a thabhairt.

“I always thought of here as just doing sports. But this has been wonderful, and different. So it’d be great if it continues - hopefully it does!”
- Rannpháirtí Cónaitheachta Cruthaithí.

Bealach eile chun ionaid spóirt a thabhairt i láthair cuairteoirí nua ab ea Club Cultúir, arb é ár gclár turas agus cainteanna faoi threoir óstaigh é ina spreagtar daoine chun ceangal a dhéanamh le spásanna cultúrtha na cathrach. Daoine a raibh suim acu triail a bhaint as spórt nó gníomhaíocht chultúrtha nua, bhuail siad le grúpaí a bhí ag obair leis an ealaíontóir ina bpobal áitiúil chun páirt a ghlacadh iontu.

I roinnt de na cónaitheachtaí, d’oibrigh na healaíontóirí le grúpaí agus daoine aonair ar thionscadail forbartha ní b’fhadtéarmaí chun saothair ealaíne agus imeachtaí nua a chomhchruthú.

D’fhoghlaim muid ón aiseolas gur mó an muintearas atá ag na rannpháirtithe i gclubanna agus ionaid spóirt de thoradh iad a bheith páirteach sna cónaitheachtaí sin. Tríd an gcomhpháirtíocht seo, forbraíodh rannpháirtíocht fhadtéarmach ghníomhach sa bhonneagar spóirt agus cultúrtha araon i measc iad siúd a bheadh den tuairim ‘nach dóibhsean’ an spórt ná na healaíona.

Samhail inaistrithe lena bhforbraítear gníomhaíochtaí agus rannpháirtíocht chultúrtha i spásanna neamhealaíne is ea clár na gcónaitheachtaí cruthaitheacha, agus é mar léiriú ar a thairbhí agus atá an cultúr mar uirlis um rannpháirtíocht shóisialta agus phobail.