Nuacht
How we work | 31 Iúil 2025
An chaoi a n-oibríonn muid: Modhanna éagsúla éisteachta agus seiceála agus cuardach bealaí chun ár gcuid oibre a fheabhsú

Gné ríthábhachtach dár modh oibre is ea seiceálacha leanúnacha ar eispéiris daoine ar na cláir éagsúla a chuirimid ar fáil, agus aiseolas á bhailiú againn chun ár ndícheall a dhéanamh i leith fheabhsú ár gcuid oibre.
Chruthaíomar roinnt bealaí chun déanamh amhlaidh do gach rannpháirtí, gach cuairteoir agus gach duine dár spriocphobail. Cuid lárnach de gach a ndéanaimid is ea a chinntiú go gcuirimid am i leataobh chun ligean do dhaoine ceisteanna a chur, a n-aiseolas a thabhairt agus a dtuairimí a chur in iúl maidir lena n-eispéiris ar ár gcláir.

Gach sé mhí, iarraimid ar ‘rúnsiopadóir’ insint dúinn faoi na heispéiris a bhí acu. Bíodh ó earnáil an chultúir, na n-eispéireas cuartaíochta nó eile a thagann an ‘rúnsiopadóir’ sin, an rud is tábhachtaí ná nár ghlac siad páirt in aon cheann dár gcuid clár ná oibre riamh.
Déantar conradh leo chun ár gcuid oibre a athbhreithniú agus a anailísiú, chun dearcadh úr a chur in iúl agus chun léargas nua a thabhairt dúinn maidir leis an gcaoi a n-éiríonn linn ar fud ár gclár agus ár bhfoirgneamh. Iarraimid orthu aird a dhíriú ar réimsí ina mbíonn barr feabhais á bhaint amach againn agus, go háirithe, réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú.
Ó thaobh machnamh ar a gcuid eispéireas de, cuirimid ceisteanna orthu amhail: Cé chomh héasca agus atá sé nascleanúint a dhéanamh ar ár suíomhanna gréasáin agus an gcuirtear ár bhfaisnéis in iúl ar bhealach soiléir sothuigthe? Conas a bhí do chuid idirghníomhaíochta leis an bhfoireann, bíodh sé sin ar an nguthán, tríd an ríomhphost nó go pearsanta? An raibh sé éasca a fháil amach cá bhfuilimid suite agus cén eispéireas a d’fhéadfadh a bheith agat linn ar theacht isteach san ait? An raibh sé éasca na baill foirne a aithint? Ar cuireadh fáilte mhór chroíúil romhat? Ar bhain tú taitneamh as? An raibh sé suimiúil? Conas a mhothaigh tú ina dhiaidh agus ar iarramar ort triail a bhaint as rudaí eile nó do chaidreamh linn a fhorbairt a thuilleadh?

Dheimhnigh ár ‘rúnsiopadóir’ is déanaí gur mhothaigh na rannpháirtithe gur mhó d’eispéiris dhaonlárnacha, stuama agus ionchuimsitheacha ná d’eispéiris neamhghníomhacha idirbheartaíochta a bhí acu de bharr chaighdeán na hidirghníomhaíochta pearsanta agus an iarphlé lenár bhfoireann. Le sé mhí anuas, mar fhreagairt ar an ‘rúnsiopadóir’ a bhí ann roimhe sin, d’oibríomar ar ghnéithe ar leith de nascleanúint ar an suíomh gréasáin, chuireamar níos mó béime inár bhfaisnéis ar na tacaíochtaí agus na háiseanna breise a chuirimid ar fáil agus shoiléiríomar cad ar féidir le daoine a bheith ag súil leis le linn cuairt ar ár bhfoirgnimh nó rannpháirtíocht inár gcláir.
De bharr na seiceálacha rialta sin ar an gcaoi a n-éiríonn linn, léirítear gur mór ag daoine an oscailteacht, an chairdiúlacht, an inrochtaineacht agus an comhluadar. Leanfaimid dár gcuid oibre ina thaobh sin chun a chinntiú go mbímid ag foghlaim ó rannpháirtíocht daoine, idir a dturas chun bheith inár measc agus na nithe eile ar mian leo suim a chur iontu ar fud ár gclár agus ár bhfoirgneamh.
Tá an ‘rúnsiopadóir’ mar ghné bhreise dár bpróiseas bailithe faisnéise chun ár gcláir a fheabhsú. Tá an ghné sin ag gabháil lena mbailímid ón aiseolas ar ár suirbhéanna do chuairteoirí, rannpháirtithe agus spriocphobail; ó léirmheasanna ar líne agus tráchtanna ar ardáin meán sóisialta; agus ó na comhráite a bhíonn ag daoine lenár bhfoireann le linn dóibh cuairt a thabhairt orainn nó páirt a ghlacadh inár gcláir. Cuid lárnach dár modh oibre agus d’fhorbairt leanúnach ár gclár is ea éisteacht le daoine maidir lena n-eispéiris.