An Nuacht is Déanaí

An chaoi a n-oibríonn muid | 12 Iúil 2024

An chaoi a n-oibríonn muid: struchtúr eagraíochtúil a chruthú

The Dublin City Council Culture Company tram in a meeting at Richmond Barracks Inchicore Dublin 8

Chruthaíomar struchtúr comhlachta chun scileanna ár mball foirne a neartú a oiread agus is féidir agus chun an obair a choinneáil ar an gcaighdeán is airde is féidir. Táimid eagraithe mar Fhoireann Ceannaireachta, agus rannóga tacaíochta na hÉisteachta, an Chruthaithe, na Gluaiseachta, na Foghlama, na Comhroinnte, an Éascaithe, an Fheidhmithe agus an tSoláthair in éineacht léi.

I leith chur i gcrích a chuid oibre, tá an Comhlacht Cultúir tar éis daoine a bhailiú le chéile ó mheascán cúlraí agus taithí, lena n-áirítear rannpháirtíocht phobail, cláreagrú, stair, ealaíona agus cultúr, coimeádaíocht agus léiriú, bainistíocht tionscadal agus cumarsáid, beartais agus tionscadail Eorpacha, oidhreacht, féilte, treorú turas, airgeadas agus forbairt tionscadal.

Chruthaíomar struchtúr comhlachta chun na scileanna sin a neartú a oiread agus is féidir agus chun an obair a choinneáil ar an gcaighdeán is airde is féidir. Bíonn na rannóga go léir ag obair go dlúth le chéile chun ár gcuid oibre a chur i gcrích. Táimid eagraithe mar Fhoireann Ceannaireachta, agus rannóga tacaíochta na hÉisteachta, an Chruthaithe, na Gluaiseachta, na Foghlama, na Comhroinnte, an Éascaithe, an Fheidhmithe agus an tSoláthair in éineacht léi.

An Fhoireann Cheannaireachta


Tá Foireann na Ceannaireachta (mar atá an POF, an Stiúrthóir Rannpháirtíochta Cruthaithí, an Stiúrthóir Airgeadais agus an Stiúrthóir Forbartha Straitéisí agus Taighde) freagrach as fís agus misean an Chomhlachta a chomhlíonadh i gcomhréir le Straitéis an Chomhlachta agus i gcomhar lena bhfoirne faoi seach.

Is é ról Fhoireann na Ceannaireachta ná a chinntiú go mbíonn an Comhlacht eagraithe agus struchtúrtha chun a chuspóirí a chomhlíonadh trí cheannaireacht straitéiseach chruthaitheach i réimsí an chláreagraithe, na hinrochtaineachta, na bainistíochta agus an rialachais airgeadais agus oibríochta, na bainistíochta daonna, na habhcóideachta agus na cumarsáide.

Bíonn Foireann na Ceannaireachta ag obair i gcomhar lena foirne féin chun cláir lena dtugtar páirt iomlán do mhuintir Bhaile Átha Cliath a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm, d’fhonn a chinntiú go mbíonn spriocphobail agus rannpháirtithe nua á sroicheadh ag an gComhlacht i leith eispéiris chultúrtha ar fud na cathrach.

Rannóg na Rannpháirtíochta (nó Rannóg na hÉISTEACHTA)

Éisteann Rannóg na Rannpháirtíochta go gníomhach measúil le muintir Bhaile Átha Cliath maidir lena mothúcháin faoina gcathair féin agus a n-eispéiris chultúrtha. Bíonn a foireann i mbun comhrá leanúnach le pobail agus daoine ar fud na cathrach chun foghlaim uathu agus chun iad a thuiscint maidir lena bhfuil tábhachtach acu.

Réitímid bealaí nua do dhaoine chun rochtain a fháil níos éasca muiníní ar ghníomhaíochtaí cultúrtha chun a nósanna cultúrtha a fhorbairt agus a leathnú. Bíonn an fhoireann ag obair go dlúth le foirne na Rannpháirtíochta Cruthaithí, an Eispéiris Cuartaíochta agus na Forbartha Tionscadal chun a chinntiú go mbíonn ár gcuid foghlama mar bhunchloch ár ngníomhaíochtaí agus ár gclár.

Rannóg na Rannpháirtíochta Cruthaithí (nó Rannóg an CHRUTHAITHE)


Bunaíonn Rannóg na Rannpháirtíochta Cruthaithí bealaí chun ligean do dhaoine Bhaile Átha Cliath an cultúr a fheiceáil, triail a bhaint as agus é a chruthú i gcomhar le chéile, bunaithe ar a gcuid mianta, eispéireas agus scéalta.

Freagraíonn foireann na Rannpháirtíochta Cruthaithí dá mbíonn foghlamtha againn ónar gcuid éisteachta chun a chinntiú gurb ábhartha ár gcláir go léir. Féachaimid le hinniúlacht a fhorbairt chun gur féidir le daoine an cultúr a fhí isteach ina ngnáthshaol. Comhoibrímid le réimse leathan daoine, ealaíontóirí, staraithe, déantóirí agus comhpháirtithe cultúrtha chun modhanna nua a thástáil agus chun a chinntiú go mbíonn ár gcláir mar léiriú ar an gcultúr de gach aon chineál.

Bíonn an Rannóg ag obair go dlúth leis na foirne go léir sa Chomhlacht, go háirithe le foireann na Rannpháirtíochta chun caidreamh a bhunú le daoine agus grúpaí leasmhara; le foireann na Foghlama chun ár gcuid oibre agus modhanna a thaifeadadh, torthaí a mheasúnú agus eolas a dhéanamh d’obair thodhchaí; agus le foireann an Eispéiris Cuartaíochta chun cláir a sholáthar inár bhfoirgnimh chultúrtha.

Rannóg an Eispéiris Cuartaíochta (nó Rannóg na GLUAISEACHTA)

Tacaíonn Rannóg an Eispéiris Cuartaíochta le reáchtáil shaoráideach gach imeachta agus gach gníomhaíochta in 14 Sráid Henrietta agus Beairic Richmond, lena n-áirítear trí phleanáil imeachtaí, bainistíocht acmhainní agus éascaíocht.

Bainistíonn foireann an Eispéiris Cuartaíochta oibríochtaí fáilteachais agus turais, agus í ag díriú go príomha ar thimpeallacht fháilteach a sholáthar agus, ag an am céanna, an tseirbhís do chustaiméirí a choinneáil ar an gcaighdeán is airde i gcomhair cách a thugann cuairt ar an gComhlacht Cultúir nó a mbíonn baint acu leis, lena n-áirítear cuairteoirí, ealaíontóirí, spriocphobail, ionaid ar cíos, baill foirne agus muintir na háite.

Tá an comhoibriú mar phríomhghné d’obair na Rannóige, toisc go mbíonn sí ag obair le gach foireann sa Chomhlacht Cultúir chun cabhrú le timpeallacht shábháilte ionchuimsitheach a choinneáil do chách a mbíonn baint acu leis na suíomhanna agus na cláir chultúrtha.

Rannóg na Forbartha agus an Taighde (nó Rannóg na FOGHLAMA)

Foghlaimíonn Rannóg na Forbartha agus an Taighde óna gcluinimid ar fud ár gclár agus ár dtionscadal sonraí chun teacht ar thionchar straitéiseach trí thástáil, forbairt inniúlachta agus cruthú na mbonn le haghaidh éifeachtaí ó thaobh rochtain ar an gcultúr de le comhpháirtíochtaí agus cláir éagsúla.

Bailíonn foireann na Forbartha agus an Taighde sonraí ó gach clár de chuid an Chomhlachta, coinníonn sí cothrom le dáta maidir le beartais ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus úsáideann sí an fhaisnéis sin chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt straitéiseach, comhpháirtíochtaí agus deiseanna abhcóideachta a bheidh ann sa todhchaí.

Bíonn an Rannóg ag obair go dlúth leis na rannóga eile go léir chun a chinntiú go mbímid ag éisteacht, ag foghlaim agus ag baint triail as modhanna nua oibre, agus an méid a fhoghlaimímid á roinnt againn le comhpháirtithe áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Rannóg na Cumarsáide (nó Rannóg na COMHROINNTE)


Tá Rannóg na Cumarsáide freagrach as cabhrú le daoine a fháil amach cad a dhéanaimid, agus cén fáth, agus tuiscint a fháil air sin.

Bainistíonn foireann na Cumarsáide ár gcuid suíomhanna gréasáin, nuachtlitreacha, láithreachta ar líne, cáipéisí tionscadail agus foilseachán chun spriocphobail agus rannpháirtithe nua a shroicheadh i leith eispéiris chultúrtha.

Bíonn an Rannóg ag obair go dlúth leis na cláir agus na rannáin go léir ar fud an Chomhlachta Cultúir chun tacú le riachtanais chumarsáide agus forbartha gach tionscadail, gach cláir agus an Chomhlachta ar an iomlán.

Rannóg na Spásanna Cultúrtha (nó Rannóg an ÉASCAITHE)


Cinntíonn Rannóg na Spásanna Cultúrtha go measaimid ár spásanna ní hamháin mar sheomraí folmha, ach mar spásanna cultúrtha atá lomlán le hacmhainneacht agus deiseanna chun ceangal a dhéanamh idir gach aon rud agus duine.

Comhoibríonn foireann na Spásanna Cultúrtha le raon leathan páirtithe leasmhara, agus ár spásanna á ligean ar cíos d’eagraíochtaí eile le leas a bhaint astu chun imeachtaí a óstáil agus an cultúr de gach aon chineál a chur i láthair. Díríonn siad ar imeachtaí a bhfuil rochtain an phobail ar an gcultúr ina gcroílár acu.

Bíonn an Rannóg ag obair go dlúth le foirne na nOibríochtaí, an Eispéiris Cuartaíochta, an Airgeadais agus na Cumarsáide chun a cuid oibre go léir a choinneáil ar na caighdeáin is airde san inrochtaineacht, san ionchuimsiú agus sa dearadh uilíoch, san inbhuanaitheacht, sa tsláinte agus sa tsábháilteacht agus sa chomhlíontacht.

Rannóg an Airgeadais (nó Rannóg an tSOLÁTHAIR)

Tacaíonn Rannóg an Airgeadais le gach rannóg eile sa Chomhlacht chun a chinntiú go soláthraítear na cláir ar bhealach atá saoráideach, indéanta, inbhuanaithe agus cost-éifeachtúil.

Cinntíonn foireann an airgeadais go n-íoctar na baill foirne, na healaíontóirí agus na conraitheoirí go léir, mar aon le gach soláthraí, go pras agus go cothrom. Cuireann an fhoireann faisnéis chruinn thráthúil maidir le cúrsaí airgid, buiséid agus bainistíochta réamhaisnéise ar fáil do gach páirtí leasmhar seachtrach agus inmheánach.

Bíonn an Rannóg ag obair go dlúth leis an POF – chun inmharthanacht leanúnach na gclár a áirithiú agus chun tacú le fás agus leathnú an Chomhlachta – agus le gach rannóg eile chun a chinntiú go mbímid i gcónaí ag éisteacht agus muid ag tacú le hobair fhadréimseach an Chomhlachta.

Rannóg na nOibríochtaí (nó Rannóg an FHEIDHMITHE)


Cinntíonn Rannóg na nOibríochtaí go reáchtáiltear an Comhlacht go saoráideach trína bheartais agus a nósanna imeachta a chruthú agus a chur i bhfeidhm i ndáil le gach a bhaineann le dlí, airgeadas, acmhainní daonna agus oiliúint, inrochtaineacht agus ionchuimsiú, sláinte agus sábháilteacht, rialachas, áiseanna, ionaid ar cíos, bailiúcháin agus coimeádaíocht, agus TF.

Faigheann foireann na nOibríochtaí an chomhairle is fearr ó shaineolaithe sárcháilithe agus cinntímidne go gcuirfear oiliúint leordhóthanach orainn féin mar Chomhlacht agus mar fhoireann, d’fhonn an méid is gá a dhéanamh chun bheith i mbarr ár maitheasa san obair ar an mbealach is sábháilte, is stuama, is simplí agus is éasca is féidir.

Bíonn an Rannóg ag obair go dlúth le gach rannóg eile chun na riachtanais a bhíonn agus a bheidh aici a aithint, agus é sin ar leibhéal na rannóige aonair agus i gcomhthéacs an Chomhlachta ar fad, agus chun a chinntiú go gcoinnítear ár gcuid beartas, prótacal agus cleachtas cothrom le dáta i dtólamh.