An Nuacht is Déanaí

An chaoi a n-oibríonn muid | 13 Meán Fómhair 2024

An chaoi a n-oibríonn muid: Cupán Tae & Comhrá

DCCCC newsletter Tea and Chats 800x540

Ár gclár chun éisteacht leo siúd arb é Baile Átha Cliath a dtinteán féin é agus chun foghlaim faoina bhfuil is tábhachtaí acu is ea Cupán Tae & Comhrá.

Is ionann Cupán Tae & Comhrá agus clár leanúnach ina mbíonn daoine ag comhrá go hoscailte neamhfhoirmeálta thar chupán tae maidir lena bhfuil tábhachtach acu. Trínár gcuid éisteachta agus ceangal, bunaímid caidreamh le daoine, comhoibrímid leo agus molaimid bealaí dóibh chun blaiseadh a fháil de chultúr na cathrach.

Déanann ár bhfoireann de Chomhordaitheoirí Rannpháirtíochta éascaíocht ar chomhráite i bpobail, bíodh sé sin i ngrúpaí nó le daoine aonair, fud fad na cathrach. Is é is príomhchuspóir do na comhráite sin éisteacht leo siúd arb é Baile Átha Cliath a dtinteán féin é chun foghlaim faoina bhfuil is tábhachtaí acu. Cuirimid na ceachtanna ó na comhráite sin i bhfeidhm ar fud ár dtionscadal lenár gcomhpháirtithe cultúrtha agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Le linn Cupán Tae & Comhrá, tagann daoine le chéile in áit neamhfhoirmeálta chun a smaointe agus a dtuairimí maidir leis an gcathair, a limistéar agus a bpobal áitiúil agus an cultúr a chur in iúl. Tugtar deis dóibh labhairt linn faoin áit a bhfuil cónaí orthu agus faoina gceantar áitiúil. Tugtar cluas dóibh chun foghlaim faoina bhfuil tábhachtach acu mar dhaoine aonair agus mar ghrúpa. Go hiondúil, reáchtáiltear na seisiúin sna gnátháiteanna a mbuaileann na grúpaí le chéile. Is ag am a oireann do na rannpháirtithe a bhíonn siad ar siúl, agus iad bunaithe ar na smaointe, na tuairimí agus na húdair imní is mian leis an ngrúpa a léiriú.

Maireann na seisiúin uair an chloig de ghnáth, ach bímid solúbtha de réir a bhfuil is oiriúnaí don ghrúpa agus an ama atá siad sásta a chaitheamh linn. Bímid ar fáil ag an ngrúpa nó na daoine chun éisteacht leo agus chun tuiscint níos fearr ar a bhfuil tábhachtach acu a thabhairt linn as an gcomhrá.

Bunaíonn na grúpaí rannpháirteacha ceangal agus caidreamh le duine dár gComhordaitheoirí Rannpháirtíochta, a bhíonn mar a bpointe teagmhála i leith plé leanúnach ar na deiseanna cultúrtha a bhíonn ar fáil dóibh. Ar an mbealach sin, faigheann siad amach a thuilleadh faoin gComhlacht Cultúir agus raon leathan na ngníomhaíochtaí, na gceardlann agus na n-imeachtaí cultúrtha ar fud na cathrach inar féidir leo páirt a ghlacadh. Táimid tar éis éisteacht le daoine maidir lena spéiseanna, na fáthanna a dtagann siad le chéile mar ghrúpa, na dúshláin laethúla a bhíonn rompu agus a mothúcháin faoi shaol Bhaile Átha Cliath.

A bhuí leis an bhfaisnéis a bhailítear sna seisiúin Cupáin Tae & Comhrá, foghlaimímid faoina bhfuil tábhachtach ag muintir Bhaile Átha Cliath chun ár gcuid oibre ar fud an Chomhlachta Cultúir a choinneáil ábhartha agus freagrúil dó sin. Dá bharr sin gur féidir linn tuiscint a fháil ar na roghanna cultúrtha a dhéanann daoine go háitiúil agus ar leibhéal na cathrach. Roinnimid a mbíonn foghlamtha againn lenár gcomhpháirtithe cultúrtha agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun rochtain gach duine ar an gcultúr agus a rannpháirtíocht ann a fheabhsú ar fud na cathrach.

Tá fonn orainn comhrá a dhéanamh le gach cineál grúpa agus, san am atá thart, bhuaileamar le botháin na bhfear, grúpaí a dhéanann gníomhaíochtaí le chéile, grúpaí do thuismitheoirí, grúpaí óige, mic léinn, grúpaí teanga, eagraíochtaí pobail agus go leor eile.

Má tá suim agatsa, nó ag grúpa a bhfuil tú i do bhall de, freastal ar Chupán Tae & Comhrá agus páirt a ghlacadh inár bplé leanúnach don chathair ar fad, ba bhreá linn go ndéanfá teagmháil linn.