An Nuacht is Déanaí
Nuacht | 24 Meán Fómhair 2025
Cuir thú féin ar an léarscáil

Léarscáil ar líne saor in aisce ina ndírítear ar na háiteanna a mbíonn an cultúr ar siúl agus na daoine a choinníonn faoi lánseol é is ea Cultúr in aice Leat.
Ó na healaíona go dtí an spórt, an eolaíocht, an caitheamh aimsire, an tacaíocht phobail agus tuilleadh eile, bíonn saol cultúrtha Bhaile Átha Cliath ag brath ar na daoine agus na pobail a choinníonn beo é gach lá.
De thoradh aighneacht a chur isteach, cabhróidh tú le daoine a fháil amach cad a bhíonn ar bun agat agus cén áit a ndéanann tú é. Beidh do chuid ionchuir sa léarscáil ina léiriú ar chreatlach cultúrtha do cheantair agus ina chabhair ag an lucht déanta beartas chun bun agus barr shaol cultúrtha na cathrach a fheiceáil agus a thuiscint, d’fhonn cinntí níos eolaí a dhéanamh ina leith.
Cé acu leat féin nó le grúpa deonach, gnólacht áitiúil nó eagraíocht chultúrtha a bhíonn tú i mbun cruthú spásanna i gcomhair eispéiris siamsaíochta oíche, cheoil nó bhia; stiúradh tionscadal leabharlainne, cartlainne nó oidhreachta; reáchtáil club spóirt agus caithimh aimsire; nó éascú eolaíochta, oideachais nó tacaíochta pobail, tá tábhacht leis an rian a fhágann tú.
Is mian linn an áit is dual dó a thabhairt do gach aon chineál cultúir i mBaile Átha Cliath.
Mar a fheicfidh tú san fhíseán a rinneamar roimhe seo chun daoine a spreagadh le hiad féin a chur ar an léarscáil, is féidir a bheith páirteach inti gan aon stró!
Téigh chuig dublincity.ie/culturenearyou/form nó déan teagmháil leis an bhfoireann ag culturenearyou@dublincitycouncilculturecompany.ie