An Nuacht is Déanaí

Nuacht | 31 Iúil 2025

Eat, Sleep, History, Repeat! Podchraoladh le Scoil Náisiúnta Naomh Caitríona

DCCCC website news stories 800 x 540 podcast recording St Catherines National School Donore Avenue

Oibríonn Staraithe Cónaithe Chathair Bhaile Átha Cliath i gceantair ar fud na cathrach chun dúil mhuintir na háite a spreagadh sa stair agus chun foinsí agus plé stairiúil, go háirithe cnuasaigh stairiúla Leabharlann agus Chartlann Bhaile Átha Cliath, a chur chun cinn.

e thoradh caidreamh a chothú le pobail áitiúla agus daoine a choinneáil i gcroílár na staire, cabhraíonn na Staraithe Cónaithe le muintir Bhaile Átha Cliath dáimh a bheith acu lena stair áitiúil.

Bíonn na staraithe ag obair le raon leathan daoine ar fud Bhaile Átha Cliath chun an stair áitiúil a chomhroinnt agus, anois agus arís, na huirlisí á dtabhairt acu do dhaoine chun a dtaighde féin a dhéanamh ar an stair.

I rith na scoilbhliana 2024/25, bhí ár staraithe ag obair le scoileanna agus coláistí pobail i mBaile Átha Cliath thuaidh agus theas araon chun cabhrú le daltaí foghlaim faoin stair agus a gcuid staidéir féin a dhéanamh uirthi.

Seo an t-eispéireas a bhí ag ár Staraí Cónaithe do Leanaí Dervilia Roche agus í ag obair le páistí rang 4 i Scoil Naomh Caitríona, Ascaill Dhún Uabhair, chun cabhrú leo podchraoladh dá gcuid féin faoina stair áitiúil a chruthú: Eat, Sleep, History, Repeat!

Thar seacht seachtaine, d’fhoghlaim na páistí faoi gach a bhaineann lena stair áitiúil trí cheardlanna, siúlóidí staire agus a gcuid taighde féin sa rang. Mar bhonn lena bpodchraoladh, d’fhéach siad ar stair shaibhir an cheantair agus roghnaigh na ceithre thopaic ab ansa leo: an bhuamáil ar an gCuarbhóthar Theas le linn an Dara Cogadh Domhanda, stair na fíodóireachta sna Saoirsí, dóiteán uisce beatha na bliana 1875 agus líonra faoi thalamh na n-aibhneacha sa cheantar.

Thaifead siad podchraoladh i ndáil lena bplé ar na ceithre thopaic sin agus chruthaigh a gcuid ceoil aitheantais agus fógraí bréige greannmhara féin. D’oibrigh an rang go dian agus bhí an-spraoi acu a bheith mar staraithe agus saineolaithe podchraoltóireachta!

Tabhair faoi deara gur i mBéarla atá an podchraoladh.

Seo roinnt dá gcuid aiseolais ar an tionscadal:

‘The podcast was soooo much fun! We had lots of laughs and slays.’


‘It was interesting learning about where I live. I like learning about old history too. It was just really fun.’


‘I loved the recording part of it. I found it exciting.’


Is í an Staraí Cónaithe do Leanaí Dervilia Roche a rinne éascaíocht ar an tionscadal i gcomhar leis an scríbhneoir grinn agus óige Aidan Fitzmaurice agus Digital Hub. Tá an podchraoladh Béarla á óstáil ar chainéil Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath agus Digital Hub agus is féidir éisteacht leis anseo: