An Nuacht is Déanaí

Nuacht | 17 Deireadh Fómhair 2025

Féile Staire Bhaile Átha Cliath 2025: Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh inti!

Decoratiive dublin festival of history 2025 audience at big weekend in mansion house round room website 800x540

Tá ár n-anáil á tarraingt againn tar éis na dtrí seachtaine eachtracha a bhí i bhFéile Staire Bhaile Átha Cliath, agus muid ag breathnú siar ar an tsárobair a rinne ár bhfoireann féin, Leabharlanna Bhaile Átha Cliath agus líon mór comhpháirtithe dár gcuid chun 340 imeacht saor in aisce staire a thabhairt isteach i ngach cearn den chathair.

Na figiúirí ó fhéile na bliana seo:


  • Reáchtáladh 340 imeacht saor in aisce i 100 ionad in imeacht 17 lá

  • Shuiteálamar agus ár gcomhpháirtithe 16,000 cathaoir chun ligean do dhaoine éisteacht le cainteanna, ceardlanna, seimineáir agus fiú mearthráth na gceist, inar pléadh an stair thar 1,000 bliain i mBaile Átha Cliath, in Éirinn agus níos faide i gcéin.

  • Reáchtáladh 47 imeacht ar fud na 21 brainse leabharlainne de chuid Leabharlanna Bhaile Átha Cliath.
  • Bhí 69 comhpháirtithe cláir againn a d’óstáil imeachtaí agus a d’eagraigh gníomhaíochtaí.

  • D’fhreastail breis agus 6,000 duine ar imeachtaí Dheireadh Seachtaine Mór na Féile i dTeach an Ardmhéara.

  • Bhí 22 imeacht ar siúl ar líne agus beoshruthaíodh 10 gcaint ón Deireadh Seachtaine, agus ateangaireacht go TCÉ curtha leo.

Níorbh fhéidir na figiúirí sin a bhaint amach murach ár bhfoireann thiomanta d’oibrithe sároilte cultúrtha, a bhíonn i mbun phleanáil, sceidealú, reáchtáil agus fhabhtcheartú gach imeachta chun ligean do chách suim a chur ann, rochtain a dhéanamh air agus taitneamh a bhaint as.

Is den tábhacht chéanna iad ár luchtanna spéise a chuireann a bpaisean agus a bhfiosracht isteach san Fhéile, bíodh sé sin den chéad uair nó ó bhliain go chéile, a ngabhaimid buíochas ó chroí le gach aon duine acu.

Táimid ar bís le tabhairt faoin gcéad eagrán eile lenár gcomhpháirtithe, Leabharlanna Bhaile Átha Cliath.

San idirlinn, beidh scata imeachtaí á gcur ar fáil againn lena n-athsheinm ar sheinnliosta YouTube Leabharlanna Bhaile Átha Cliath, a mbeidh cuid mhór acu ar fáil mar phodchraoltaí. Tuilleadh eolais ó https://dublinfestivalofhistory.ie.