An Nuacht is Déanaí
22 Aibreán 2025
Hands-on History: Cúrsa samhraidh do mhúinteoirí bunscoile

Táimid ag iarradh ar mhúinteoirí bunscoile a bheith linn an samhradh seo i gcomhair cúrsa cúig lá, arna fhaomhadh mar EPVanna (laethanta saoire pearsanta breise) ag an Roinn Oideachais, chun blaiseadh a fháil dár gcuid tionscadal agus clár agus de na bealaí lena n-úsáid chun stair a mhúineadh.
I measc ár gcuid oibre le scoileanna, tá turais scoile, acmhainní do mhúinteoirí, ceardlanna staire agus comhthionscadail staire. Is in éineacht le páistí agus lena n-aghaidh a forbraíodh ár gcuid tionscadal agus clár scoile, a reáchtáiltear in 14 Sráid Henrietta, i nDún Richmond agus ar fud na cathrach faoi threoir ár Staraí Cónaithe do Leanaí.
Próiseas leanúnach síorathraitheach atá i gceist leis sin, agus muid ag leanúint dár gcomhráite le páistí chun feabhsuithe a chur air agus tionscadail nua a fhorbairt. Bailímid aiseolas ó mhúinteoirí i rith an phróisis freisin agus cinntímid go mbíonn ár n-ábhar ag teacht leis an gcuraclam scoile.
Is leis na smaointe sin go léir a chruthaímid cláir staire do bhunscoileanna atá idirghníomhach, an-spéisiúil agus ceaptha chun bheith chomh hionchuimsitheach spraíúil agus is féidir.
Le linn ár gcúrsa samhraidh nua do mhúinteoirí bunscoile, glacfaimid páirt i roinnt de na turais, na ceardlanna agus na gníomhaíochtaí sin. Gheobhaidh na múinteoirí bunscoile amach faoi fhoirgnimh agus acmhainní an Chomhlachta Cultúir a bheidh siad in ann a úsáid chun an stair a theagasc.
Tabharfaidh siad iarraidh ar a dtaighde féin mar ullmhúchán do theagasc na staire áitiúla agus beidh seans acu triail a bhaint as cineálacha éagsúla ceardlann idirghníomhach staire, ar féidir iad a chur in oiriúint do réimse topaicí staire agus leibhéil chumais.
Reáchtálfar an cúrsa ón Luan 28 Iúil go dtí an Aoine 1 Lúnasa. Is in 14 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1; Beairic Richmond, Baile Átha Cliath 8; agus an Lárleabharlann, Baile Átha Cliath 1, a bheidh sé ar siúl.
€45 atá ar an gcúrsa, agus áirítear ansin na turais, na hacmhainní agus na hábhair ar fad.
Tabhair do d’aire gur i mBéarla go príomha a thabharfar an cúrsa.
Is féidir cliceáil anseo nó féachaint thíos chun teacht ar shonraí iomlána an chúrsa: