An Nuacht is Déanaí

An chaoi a n-oibríonn muid | 25 Aibreán 2025

An chaoi a n-oibríonn muid: Club Cultúir

DCCCC website Culture Club at 14 HS 800x540

Tugaimid cuireadh do dhaoine áiteanna cultúrtha Bhaile Átha Cliath a fheiceáil, blaiseadh a fháil díobh agus foghlaim fúthu.

Sraith cainteanna, turas agus gníomhaíochtaí faoi threoir óstaigh lena gcuirtear áiteanna cultúrtha na cathrach i láthair daoine chun ceangal a dhéanamh leo is ea Club Cultúir.

Agus muid ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe, réitímid bealaí nua do dhaoine chun rochtain a fháil níos éasca muiníní ar ghníomhaíochtaí cultúrtha chun a nósanna cultúrtha a fhorbairt agus a leathnú.

Cuireann Club Cultúir daoine ar an eolas faoina mbíonn ar fáil i mBaile Átha Cliath chun gur féidir le cách suim a chur sa chultúr ar fud na cathrach. Gach mí, cuirimid deiseanna ar fáil chun cuairt a thabhairt ar amharclanna, gailearaithe, músaeim agus spásanna cultúrtha eile.

I ngach Club Cultúir, cruthaíonn ár gComhordaitheoirí Rannpháirtíochta timpeallacht fháilteach inar féidir le daoine ceangal a dhéanamh ó thaobh a gcomhspéiseanna agus eispéiris nua de. Tugtar deis dár rannpháirtithe cupán tae a fháil agus comhrá a dhéanamh linn tar éis na gníomhaíochta ionas gur féidir linn éisteacht leo, foghlaim uathu agus an clár a fhorbairt a thuilleadh de réir a spéiseanna.

A bhuí le haiseolas ár rannpháirtithe, cuireadh ar ár gcumas an clár a fhás agus a fhorbairt ar bhealaí iontacha. Bímid ag obair go leanúnach lenár gcomhpháirtithe chun Clubanna Cultúir breise a chur ar fáil, lena réiteofar bealaí nua chun taitneamh a bhaint as an gcultúr.

Tríd an gclár míosúil seo, chuireamar fáilte roimh go leor rannpháirtithe nach raibh baint acu le Club Cultúir riamh, a thug a gcéad chuairt ar ár gcomhpháirtithe cultúrtha nó a bhain taitneamh as tumadh arís sa chultúr agus aithne a chur ar dhaoine nua. Cuireann na heispéiris sin ar chumas ár rannpháirtithe tuilleadh eolais a fháil ar thairiscintí eile ár gcomhpháirtithe agus leanúint dá gcuairteanna ar áiteanna taobh amuigh de Chlub Cultúr.

Bímid i gcónaí sásta go dtagann daoine ar eispéiris nua trí chlár an Chlub Cultúir.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin gclár seo, is féidir leat clárú lenár nuachtlitir maidir le Club CultúirClub Cultúir a chur in áirithe.