Nuacht

Nuacht | 20 Lúnasa 2025

Ár mBord Stiúrthóirí

Updated Board of Directors August 2025 FINAL copy

Agus muid ag leanúint de chur i bhfeidhm ár straitéise nua, Straitéis 2025–2030, is cúis áthais dúinn fáilte a chur roimh Michelle Robinson agus an Dr Ciarán Wallace ar Bhord Stiúrthóirí Chomhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Inár straitéis nua, leagtar amach fís uaillmhianach chun rannpháirtíocht chultúrtha a láidriú, rochtain a leathnú agus iontaoibh chultúrtha a chothú ar fud Bhaile Átha Cliath. Beidh eolas agus taithí Michelle agus Chiaráin mar threoir againn ina leith sin, an chéad chéim eile dár gcuid oibre.

Beidh siad ag cur le tacaíocht agus tiomantas leanúnach chomhaltaí an Bhoird, mar atá Tom Dunne, Owen Keegan (Cathaoirleach), an Dr Kerry McCall Magan, an Comhairleoir Cat O’Driscoll agus an Comhairleoir Supriya Singh.

Tá an Comhlacht Cultúir faoi rialú bord seachtar stiúrthóirí atá freagrach as rialachas agus maoirseacht a dhéanamh air. Is é ról an bhoird an feidhmeannas a stiúradh chun straitéis an chomhlachta a chur i bhfeidhm. Oibríonn an bord le foireann an Phríomhfheidhmeannais agus na Ceannaireachta chun a chinntiú go mbíonn an ghníomhaíocht go léir ag teacht leis an misean agus an fís agus oibríochtaí laethúla á dtarmligean acu do na baill foirne.

Bainisteoir Feidhmeannach um Limistéar Lár agus Oirdheisceart Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath is ea Michelle Robinson, a bhfuil taithí shárluachmhar aici sa rialachas áitiúil agus sa chomhpháirteachas poiblí. Údar, Comhstiúrthóir i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann agus léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, is ea an Dr Ciarán Wallace. Neartófar an raon scileanna agus taithí atá ag ár mBord cheana de bharr an tsaineolais oidhreachta agus staire sóisialta a chuirfidh sé leis.

Tá Michelle agus Ciarán araon ag teacht go láidir le comhaltaí eile an Bhoird i ndáil le luachanna ionchuimsithe, inbhuanaitheachta, comhoibrithe agus leasa phoiblí an Chomhlachta Cultúir.

Táimid buíoch díobh as ucht a dtiomantais dár misean agus táimid ag dúil le bheith ag obair ina dteannta, agus muid ag tógáil ar ar bhaineamar amach le blianta beaga anuas chun eispéiris chultúrtha atá ar ardchaighdeán agus daonlárnach a sholáthar ar fud na cathrach.

Ba mhaith linn freisin buíochas ó chroí a ghabháil le Brendan Teeling agus Tim Carey, a bhfuil a dtéarma ar an mBord tugtha chun críche acu. Bhí ról lárnach ag an mbeirt acu i ndáil leis an gComhlacht Cultúir a mhúnlú agus tacú leis le linn tréimhse fáis shuntasaigh, agus iad ag cur go stuama le forbairt agus soláthar ár Straitéise do na blianta 2019–2024.

Ba an-mhór againn a gcuid léargais, comhghleacaíochta agus tiomantais agus táimid buíoch díobh as an tsoiléireacht agus an aird a bhí acu ina ról rialachais i rith a dtréimhse oifige.