An Nuacht is Déanaí

Nuacht | 31 Iúil 2025

Ceardlanna Club Cultúir le Músaem Grianghrafadóireachta na hÉireann

DCCCC website news stories 800 x 540 photomuseum Culture Club July 2025

Oibrímid lenár gcomhpháirtithe chun rannpháirtíocht chultúrtha a láidriú trí ghníomhaíochtaí níos inrochtana fáilteacha a chur ar fáil.

Trí chlár an Chlub Cultúir dár gcuid, bímid ag obair go seasta lenár líonra comhpháirtithe chun tuilleadh bealaí a fhorbairt le rochtain a fháil níos éasca ar an gcultúr.

Gach mí, cuirimid deiseanna ar fáil chun cuairt a thabhairt ar amharclanna, gailearaithe, músaeim agus spásanna cultúrtha eile. Spreagtar rannpháirtíocht mharthanach le spásanna cultúrtha Bhaile Átha Cliath de bharr ár sraithe de chainteanna, turais agus gníomhaíochtaí saor in aisce.

De réir mar a bhíonn Club Cultúir ag fás, bímid ag comhoibriú lenár gcomhpháirtithe ar eispéiris de chineál níos fadtéarmaí atá dírithe ar chruthú ceangal idir iadsan agus na rannpháirtithe, d’fhonn bealaí eile a réiteach chun páirt a ghlacadh sa chultúr.

D’iarramar ar ghrúpa de rannpháirtithe ó Chlub Cultúir i mbliana freastal ar thrí cheardlann lenár gcomhpháirtithe ó Mhúsaem Grianghrafadóireachta na hÉireann. Bhí na ceardlanna sin mar dheis chun tuilleadh eolais agus taithí phraiticiúil a fháil ar an ngrianghrafadóireacht faoi threoir an Bhainisteora Foghlama agus Forbartha Darragh Shanahan.

Tar éis dóibh blaiseadh a fháil de shaothair nua ghrianghrafadóireachta le linn turais ar thaispeántais Mhúsaem Grianghrafadóireachta na hÉireann, tugadh rochtain dhíreach don ghrúpa ar áiseanna an tseomra dhorcha, áit ar chruthaigh siad a saothair ghrianghrafadóireachta féin. Idir líníochtaí ar aicéatáit chun athruithe solais sna dabhcha ceimiceacha a scrúdú agus chuairteanna ar shráideanna na cathrach le ceamaraí mionphoill chun a seatanna ar leith a shocrú, bhí saoirse ag na rannpháirtithe leas a bhaint acu as a smaointe féin.

"I felt really special being part of this group and being brought to the exhibition. I also learned something, it was brilliant."

Agus a gcruthaitheacht féin á bplé acu sa tsraith ceardlann sin, chothaigh na rannpháirtithe ceangal fiúntach le Músaem Grianghrafadóireachta na hÉireann. Tugadh léargas ar an bpróiseas ealaíonta agus coimeádaíochta dóibh sna turais ar na taispeántais agus, de bharr thimpeallacht fháilteach spraíúil na seisiún sa seomra dorcha, bhí siad in ann tumadh isteach go hiomlán san fhoirm ealaíne agus a scileanna cruthaitheachta féin a fhorbairt.

"It was an interesting experience seeing art made from my photography, it felt like a collaboration. I'm stunned by how he used the techniques."

Is as ceantair éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath a tháinig na rannpháirtithe chuig an tsraith ceardlann seo, ar fiafraíodh díobh roimh ré faoin gcaoi a shamhlaigh siad an cultúr: “a shared human experience”, “tradition and community”, “learning and connection”, “food for the soul”. Le linn na gceardlann míosúil, bhí deis acu fíorcheangail phearsanta a bhunú lena chéile agus leis an spás cultúrtha sin ina gcathair féin, agus muintearas á chothú acu trí eispéireas nua.

"I've never experienced being in a cultural space when it's closed and having the place to ourselves, I felt like a VIP!"

Is é is aidhm do Chlub Cultúir tionchar fadtéarmach a imirt ar mhuinín chultúrtha mhuintir Bhaile Átha Cliath. Trínár gcomhpháirtíochtaí, tugaimid deiseanna do dhaoine a bheith ar a gcompord chun teacht isteach i spás agus a bheith muiníneach chun teacht ar ais chuige sa todhchaí. Sa tsraith ceardlann seo, tugadh am agus uirlisí do na rannpháirtithe chun ceangal níos doimhne a bhunú leis an Músaem, a bhfuair siad tuiscint níos fearr ar a mbíonn ar fáil ansin dá bharr.

"I'd definitely be more inclined to come back to the Museum now after this, and I'd really like to do something like this again."

Táimid ag tnúth le bheith ag forbairt ár gcomhpháirtíochta le Músaem Grianghrafadóireachta na hÉireann, agus muid ag obair le chéile chun bealaí nua a réiteach do dhaoine le blaiseadh a fháil den chultúr.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin gclár seo, is féidir leat clárú lenár nuachtlitir maidir le Club Cultúir nó Club Cultúir a chur in áirithe.