Nuacht

How we work | 18 Meitheamh 2025

An chaoi a n-oibríonn muid: ár dtrí Bhunchloch

DCCCC website news story 800 x 540 three pillars 3

Tá ár gcuspóirí straitéiseacha struchtúrtha ina dtí Bhunchloch Phríomha: An t-eispéireas a fhaigheann daoine, an chaoi a ndéanaimid é agus an chaoi a n-imríonn sé tionchar dearfach fadtéarmach.

Tugtar treoir dúinn maidir lenár gcuspóir inár Straitéis Chomhlachta: chun naisc fhiúntacha chultúrtha agus bhuana a chruthú ach a bheith ag díriú ar inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht an chláir, agus ar chomhpháirtíochtaí buana.

Ba mhaith linn eispéiris spreagúla agus ardchaighdeáin a chur ar fáil a rachaidh chun tairbhe dár mbaill foirne agus do na daoine a mbímid ag nascadh leo. Táimid go hiomlán tiomanta do bheith ag éisteacht leis na rudaí a dhéanann difríocht, na rudaí sin a fhoghlaim agus muid féin a chur in oiriúint dá réir.

Tá ár gcuspóirí straitéiseacha bunaithe ar bhraistint shoiléir chuspóra: An fáth a ndéanaimid an méid a dhéanaimid, an chaoi a ndéanaimid é, agus an chaoi a measaimid rath.

Tá na cuspóirí seo struchtúrtha mar thrí Phríomh-Bhunchloch:

DCCCC website news 370x370 Foundation stone 1 How people experience it

1. An t-eispéireas a fhaigheann daoine

Táimid dírithe ar an dearcadh atá ag daoine ar ár gcuid oibre, le béim ar Cheangal, ar Rannpháirtíocht agus ar Cháilíocht. Ba mhaith linn a chinntiú go gcomhlíonann ár gcuid oibre na sainriachtanais atá ag réimse leathan lucht féachana agus leaganacha amach, agus mar sin, tá leagtar an bhéim anseo ar an gcaoi a gcruthaímid agus a gcoimeádaimid eispéiris, agus a mbainistímid spásanna cultúrtha agus cláir chultúrtha. Déanaimid é seo trí mhodh tástáilte a úsáid agus trí chur chuige foghlama, atá bunaithe ar chothroime agus ar ilghnéitheacht.

DCCCC website news 370x370 Foundation stone 2 How we make it

2. An chaoi a ndéanann muid é.

Tá ár struchtúr eagraíochtúil agus an chaoi a bhfeidhmímid bunaithe ar Inrochtaineacht, Inbhuanaitheacht, agus ar Rannpháirtíocht. Is príomh-bhloic thógála iad sin den Chomhlacht Cultúir. Múnlaíonn na bloic thógála ár gcultúr eagraíochtúil, na scileanna a tharraingímid le chéile agus an tallann a mheallaimid, chomh maith leis an gcaoi a gcruthaímid go smaointeach le haghaidh rath fadtéarmach ár gcuid oibre.

DCCCC website news 370x370 Foundation stone 3 How it creates long term impact

3. An chaoi a n-imríonn sé tionchar dearfach fadtréimhseach

Tá ár gcuid oibre tiomnaithe chun an luach fadtréimhseach agus an tionchar fadtréimhseach a bhaint amach trí Mhuinín Chultúrtha, trí Fhoghlaim Chultúrtha agus trí Abhcóideacht Chultúrtha. Leagaimid béim ar an luach a bhaineann le machnamh leanúnach, le haiseolas, agus le meastóireacht lena chinntiú go bhforbrófar ár n-iarrachtaí go seasta agus lena chinntiú go gcuidíonn siad linn cláreagrú níos fiúntaí agus éifeachtúla a sheachadadh.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi gach ceann de na bloic thógála inár Straitéis Chomhlachta.