Nuacht

How we work | 18 Meitheamh 2025

An chaoi a n-oibríonn muid: Scéalta agus Stair

DCCCC website 800 x 540 Tour Guides at 14 Henrietta Street hear from former residents aho have participated in the Your Tenement Memories programme

Ba mhaith linn go gcruthódh ár gcuid oibre naisc bhuana idir daoine agus a n-áit chónaithe.

Cruthaítear deiseanna inár gcláir do dhaoine ionas go bhfuil siad in ann nascadh go pearsanta agus go macánta lena chéile agus lena gcathair, agus roinntear smaointe na ndaoine sna cláir faoi Bhaile Átha Cliath, faoina bpobail áitiúla, agus faoin gcultúr. Tá go leor cineálacha éagsúla clár agus, déantar an méid seo iontu ar bhealaí éagsúla agus comhchosúla, bíodh gur clár éisteachta, cruthaitheachta, triail a bhaint as rud éigin cruthaitheach, nó cuairt a thabhairt ar fhoirgneamh cultúrtha.

Rud comónta é scéal trínár gcláir uile. Tá scéal nó stair ag gach duine, faoin duine é/í féin agus an áit ar as é/í. Nuair a roinnimid nó nuair a fhaighimid amach faoi thuilleadh eolais faoinár scéalta pearsanta agus coiteanna, is cúnamh dúinn iad chun ár naisc a chruthú agus a dhoimhniú lena chéile agus leis na háiteanna ina bhfuil cónaí orainn.

Ag an gComhlacht Cultúir cuirimid ar fáil réimse leathan cláir agus gníomhaíochtaí staire agus oidhreachta, agus iad uile bunaithe ar scéalta. Is cuireadh é gach scéal do dhaoine chun tuilleadh eolais a fháil faoina stair féin nó faoi stair na cathrach - bíodh gur scéalaíocht, éisteacht le scéal, nó bailiú scéalta atá ann.

Cuimsítear le roinnt samplaí den chaoi a dtugaimid páirt do dhaoine i gcúrsaí staire, turas treoraithe ag 14 Henrietta Street; ceardlann staire do pháistí nó caint tráthnóna faoi oidhreacht áitiúil mar chuid dár gclár Naisc Cultúir ag Dún Richmond nó tríd an bhféile Féile Staire Bhaile Átha Cliath a bhíonn ar siúl thar thréimhse trí seachtaine i mí Mheán Fómhair/mí Dheireadh Fómhair ina bhfuil os cionn 300 imeacht ar leith; roinnt cuimhní trí bhailiú stairsheanchais amhail Do Chuimhní Tionóntáin; cuairt ar cheann de mhúsaeim nó de chartlanna na cathrach lenár gclár Club Cultúir; ár dturas do pháistí ‘Stair faoi Cheilt’; nó díriú isteach i réimse spéise staire le duine de Staraithe Cónaithe na cathrach.

Bíonn na gníomhaíochtaí ar siúl ar fud fad na cathrach - in dhá fhoirgneamh cultúir a reáchtálaimid in ionaid phobail, i leabharlanna, i scoileanna, agus i spásanna cultúrtha eile, i ngailearaithe, i gcartlanna agus i músaeim. Taistealaíonn an seisear Staraithe Cónaitheacha Bhaile Átha Cliath ar fud na cathrach, ag ceangal rannpháirtíocht le stair i gcomharsanachtaí Bhaile Átha Cliath, le linn dóibh a bheith ag déanamh teagmháil le grúpaí maidir le stair phearsanta, stair áitiúil, turais siúlóide agus tuilleadh. Tagann réimse na dtairiscintí ón méid a fhoghlaimímid ó bheith ag éisteacht le daoine agus cuireann sé ar ár gcumas eispéiris a chur ar fáil a imríonn tionchar ar shaol na ndaoine agus a aithint nach mar a chéile an tuiscint atá ag aon bheirt ar chultúr ná ar stair.

Déanann ár gcláir staire agus oidhreachta leas don chathair agus do na daoine a nglacann páirt iontu. Is mór an chreidiúint iad ár bhfoireann de threoraithe turais, staraithe, staraithe sóisialta, staraithe do pháistí, éascaitheoirí ceardlainne agus foirne níos leithne ag a bhfuil saineolas ar stair agus ar oidhreacht, don chaoi a bhfuil na daoine a bhfuil an chathair mar bhaile acu agus do Bhaile Átha Cliathaigh in ann tuiscint a fháil ar a stair shaibhir. Trí thuiscint a fháil ar eispéiris agus ar scéalta na ndaoine i mBaile Átha Cliath, is féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar thodhchaí na cathrach agus is féidir linn an todhchaí sin a shamhlú níos fearr. Agus nuair a ghlacaimid páirt ann, agus muid ag fáil amach faoi scéalta dhaoine agus áiteanna Bhaile Átha Cliath agus muid á roinnt, is féidir linn naisc níos láidre a chruthú lenár bpobail agus folláine a fheabhsú trí chéile.