Nuacht

Nuacht | 13 Lúnasa 2025

Tá imleabhar 8 de Stair ar Leac an Dorais ar fáil anois

FV110825doorstep36

Tá an t-ochtú himleabhar le Staraithe Cónaithe Chathair Bhaile Átha Cliath ar fáil saor in aisce ó bhrainsí leabharlainne.

Sheol Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an Clr Ray McAdam, an t-ochtú heagrán de Stair ar Leac an Dorais le linn fáiltiú a eagraíodh i Halla na Cathrach. Sna seacht gcaibidil ardaigeanta den fhoilseachán bliantúil saor in aisce, pléitear stair Bhaile Átha Cliath trí dhearcthaí úra pearsanta. Is iad Staraithe Cónaithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar aon leis an aoi-údar is staraí bia an Dr Máirtín Mac Con Iomaire, a scríobh an t-imleabhar nua ina gcuimsítear topaicí ilghnéitheacha ón gcreideamh agus an pholaitíocht go dtí an bia, an faisean agus na cuimhní teaghlaigh.

Sa phictiúr thuas, ó chlé go deas: Brendan Teeling, Katie Blackwood, Cathy Scuffil, Linda Devlin, Máirtín Mac Con Iomaire, Dervilia Roche, Cormac Moore agus Elizabeth Kehoe. Grianghraf le caoinchead: Fran Veale / Julien Behal Photography.

Moira Mahon (ar chlé) in éineacht leis an staraí Elizabeth Kehoe ó Staraithe Cónaithe Chathair Bhaile Átha Cliath. Grianghraf le caoinchead: Fran Veale/Julien Behal Photography.
Moira Mahon (ar chlé) in éineacht leis an staraí Elizabeth Kehoe ó Staraithe Cónaithe Chathair Bhaile Átha Cliath. Grianghraf le caoinchead: Fran Veale/Julien Behal Photography.

I measc na bpointí suntais, tá:

  • Moira Mahon, atá in aois a céid agus a bhfuil a saol caite aici mar léiriú ar a cuid rannpháirtíochta polaitiúla agus eagna pearsanta. Le linn an chomhrá leis an staraí Elizabeth Kehoe, ar sise a rugadh in 1924: “Love many, trust few, and always paddle your own canoe.” Cumhacht shéimh, cothroime agus dínit atá i scéal a saoil éachtaigh, a eachtraítear le grástúlacht.

  • Yitzhak Herzog, an chéad Ardraibí in Éirinn, a ndearnadh Ardraibí na Palaistíne agus, ní ba dhéanaí, Ardraibí stát nua Iosrael de (an Dr Cormac Moore).

  • Múineadh, meonta nua-aimseartha agus moráltacht Bhaile Átha Cliath sna 1920idí, trí litreacha ó léitheoirí chuig an Evening Herald (Katie Blackwood).

  • Liam Ó Flaithearta, fear storrúil litríochta agus gníomhaíochais, a raibh forghabháil Cheoláras Rotunda in 1922 i measc a chuid gaiscí (Dr Mary Muldowney).

  • Cadal, an mias is deighiltí i mBaile Átha Cliath, agus é pléite i gcaibidil shaibhir as Gaeilge (an Dr Máirtín Mac Con Iomaire).

  • Stair dhiamhair Ghráinseach Ghormáin, atá soiléirithe feasta a bhuí le turas siúil nua do pháistí (Dervilia Roche).

  • Flanagan’s Fields agus oidhreacht Michael Flanagan, garraíodóir margaidh den 19ú haois (Catherine Scuffil).


Curtha in eagar ag Elizabeth Kehoe agus an Dr Allison Galbari, tá imleabhar 8 de Stair ar Leac an Dorais ar fáil saor in aisce ó gach brainse de chuid Leabharlanna Bhaile Átha Cliath agus tá leaganacha ríomhleabhair d’imleabhair 1-8 le fáil ar iasacht ó BorrowBox. Tá imleabhar 8 ar fáil le híoslódáil anseo freisin.

Sa phictiúr, ó chlé go deas: An Clr Dermot Lacey, an Clr Noelle Brown, an tArd-Mhéara an Clr Ray McAdam, Moira Mahon, an Clr Aoibheann Mahon agus an Clr Donna Cooney. Grianghraf le caoinchead: Fran Veale/Julien Behal Photography.
Sa phictiúr, ó chlé go deas: An Clr Dermot Lacey, an Clr Noelle Brown, an tArd-Mhéara an Clr Ray McAdam, Moira Mahon, an Clr Aoibheann Mahon agus an Clr Donna Cooney. Grianghraf le caoinchead: Fran Veale / Julien Behal Photography.

Staraithe Cónaithe

Ó bhí 2017 ann, tá Staraithe Cónaithe Chathair Bhaile Átha Cliath ag obair i gceantair ar fud na cathrach chun dúil mhuintir na háite a spreagadh sa stair agus chun foinsí agus plé stairiúil, go háirithe cnuasaigh stairiúla Leabharlann agus Chartlann Bhaile Átha Cliath, a chur chun cinn.

De thoradh caidreamh a chothú le pobail áitiúla agus daoine a choinneáil i gcroílár na staire, cabhraíonn na Staraithe Cónaithe le muintir Bhaile Átha Cliath dáimh a bheith acu lena stair áitiúil.

Is iad Leabharlanna Bhaile Átha Cliath a chruthaíonn clár Staraithe Cónaithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, a sholáthraítear i bpáirt le Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Grianghraf le caoinchead: Fran Veale/Julien Behal Photography.
Grianghraf le caoinchead: Fran Veale/Julien Behal Photography.

Stair ar Leac an Dorais agus ar bharra do mhéar agat

Tá gach leabhar (iml. 1-8) de Stair ar Leac an Dorais ar fáil i do leabharlann áitiúil, fad agus atá siad i stoc, agus tá siad ar fáil mar ríomhleabhair ó Borrowbox agus le híoslódáil mar PDFanna leis na naisc thíos freisin.

Imleabhar 1 - Tá caibidlí ann faoi na sufraigéidí, an ailtire tithíochta poiblí Herbert Simms, cnuasach Monica Roberts de litreacha ó shaighdiúirí an Chéad Chogaidh Dhomhanda, stair Edge Hardware i bhFionnradharc, oibreoirí iarnróid Bhaile Átha Cliath agus teilgcheárta/monarcha innealtóireachta William Spence and Sons ar Shráid Chorcaí.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF

Imleabhar 2 - Cuimsítear caibidlí ann faoi Ospidéal Naomh Ultan, an píobaire Séamas Mac Aonghusa, Bardas Bhaile Átha Cliath agus Cogadh na Saoirse, stair Lemon’s Sweets, áiteanna oibre na cathrach atá ag dul i léig agus an tithíocht sna Saoirsí.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF

Imleabhar 3 - Eagrán cuimhneacháin maidir le cothrom céad bliain Dhomhnach na Fola, 21 Samhain 1920, is ea seo, ina ndéantar cur síos i gcúig chaibidil ar imeachtaí an lae uafásaigh i stair Bhaile Átha Cliath.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF

Imleabhar 4 - Sna cúig chaibidil den imleabhar seo, dírítear ar ghnéithe éagsúla de stair na cathrach, ar ina measc atá an fhíodóireacht sna Saoirsí, leachtanna cuimhneacháin cogaidh na cathrach agus léargas ó bhliain a caitheadh le staraithe óga.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF

Imleabhar 5 - Léiriú is ea seo ar thaighde an cheathrar Staraithe Cónaithe agus an Staraí Cónaithe do Leanaí ar imeachtaí Chogadh Cathartha na hÉireann.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF

Imleabhar 6 - Sé scéal atá ann seo faoi stair na cathrach arna scríobh ag Staraithe Cónaithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Staraí Cónaithe do Leanaí, mar aon leis an treoraí turais Alvean Jones ó Chomhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF

Imleabhar 7 - Seacht scéal ó cheann ceann na cathrach atá san eagrán seo, lena n-áirítear caibidlí faoi thoibreacha beannaithe, Sráid na mBráithre Bána, Cumann Naomh Uinseann de Pól agus Teach Marlborough. Tá caibidil speisialta i nGaeilge leis an scríbhneoir agus staraí Aindrias Ó Cathasaigh.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF

Imleabhar 8 - Sna seacht gcaibidil den imleabhar seo arna scríobh ag Staraithe Cónaithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar aon leis an aoi-údar is staraí bia an Dr Máirtín Mac Con Iomaire, cuimsítear topaicí ilghnéitheacha ón gcreideamh agus an pholaitíocht go dtí an bia, an faisean agus na cuimhní teaghlaigh.

Nasc chuig an ríomh-Leabhar / PDF