An Nuacht is Déanaí
Nuacht | 12 Meitheamh 2024
Spásanna cultúrtha ina ndéantar ceangal idir gach aon rud agus duine

Is fréamhaithe sa chultúr agus sna ceangail an cur chuige a ghlacaimid, an Comhlacht Cultúir, maidir le comhoibriú inár spásanna agus maidir lena ligean ar cíos le heagraíochtaí eile chun leas a bhaint astu. Dar linn nach bhfuil ár spásanna mar sheomraí folmha, ach mar spásanna cultúrtha atá lomlán le hacmhainneacht agus deiseanna chun ceangal a dhéanamh idir gach aon rud agus duine. Mar chuid dár Straitéis um Spásanna Cultúrtha, cuirimid spásanna ar fáil do dhaoine, pobail agus eagraíochtaí cultúrtha le leas a bhaint astu chun imeachtaí a óstáil agus an cultúr de gach aon chineál a chur i láthair.
Coinnímid an duine féin, an cultúr agus an áit ar comhchéim. Féachaimid le spásanna a chruthú chun obair a fhorbairt, a chruthú agus a roinnt. Is mian linn deiseanna breise a thabhairt dóibh siúd atá fiosrach faoin gcultúr rochtain a fháil ar shaothair agus suim a chur sa phróiseas lena gcruthú. Tá saineolas againn freisin i ndáil le spriocphobail nua a fhorbairt agus daoine nua a spreagadh le tabhairt faoin gcultúr ar bhealaí nár bhain siad triail astu riamh.
igtear ár spásanna cultúrtha ar cíos leis an iliomad grúpaí éagsúla. Roinnimid na spásanna sin ina 5 phríomhréimse úsáide:
- Pobal
- Carthanas
- Cruthaitheach
- Sibhialta
- Corparáideach
Is é is brí le ‘pobail’ ná an úsáid a bhaineann an pobal áitiúil as ár gcuid foirgneamh agus spásanna sa cheantar lena mbaineann. Sa Chomhlacht Cultúir, is mór againn grúpaí pobail dála mar is mór acu ár spásanna. Déanaimid athbhreithniú rialta maidir le cé na comhpháirtithe pobail dár gcuid a bhaineann leas as ár spásanna chun a chinntiú go mbímid ag tacú go leanúnach leis an raon is leithne is féidir de ghrúpaí.
Bíonn grúpaí carthanachta mar phríomhghné dár spásanna cultúrtha ar bhonn bliantúil. Cuireann an charthanacht le chur chun cinn an chultúir, na heolaíochta, an spóirt agus chaomhnú ár n-oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha..
Ligimid ár spásanna ar cíos i gcomhair tionscadail chruthaitheacha mar chuid lárnach dár straitéis chun an cultúr a fhí isteach i saol laethúil na cathrach. Áirítear leis an méid sin taispeántais, spásanna cleachtaidh, spás um fhorbairt tionscadal cruthaitheach, léirithe i ngach disciplín ealaíne, scannánú agus grianghrafadóireacht.
Sna háirithintí sibhialta, cuimsítear idir chruinnithe aoneagraíochta nó inmheánacha agus imeachtaí traseagraíochta nó poiblí. Tugtar tús áite d’imeachtaí poiblí go háirithe, nuair is indéanta é sin, chun tacú leis an gcomhpháirteachas poiblí.
Baineann áirithintí corparáideacha le cuideachtaí brabúis ar mian leo leas a bhaint as ár spásanna. Cuid thábhachtach dár straitéis atá iontu, lenar féidir linn rátaí ar lascaine a thairgeadh fós dár gcliaint eile amhail eagraíochtaí carthanachta, grúpaí pobail agus tionscadail chruthaitheacha.
acaíonn ár n-áirithintí le raon forleathan fairsing d’ealaíontóirí agus pobail. Tacaíonn ár dtionscadail tráchtála le nuálaíocht na ndaoine sin agus tugtar rochtain do ghrúpaí cultúrtha agus pobail ar ár n-acmhainní. Dírímid ar spásanna cultúrtha den chéad scoth a chruthú agus bonneagar cultúir ar na caighdeáin is airde ina léirítear na dea-chleachtais a chur ar fáil.
Tá ár bhfoireann mar an ghné is tábhachtaí chun go n-éireoidh lenár spásanna cultúrtha. Earcaímid daoine a bhfuil suim acu i gcruthú spásanna, imeachtaí agus eispéireas lena léirítear muid féin, an Comhlacht Cultúir, agus fís ar gcliant. Déanaimid ionduchtú cuimsitheach agus cuirimid oiliúint ar ár bhfoireann go leanúnach chun na caighdeáin is airde a chomhlíonadh inár spásanna cultúrtha.
I gComhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá ár gcroí istigh san inbhuanaitheacht agus i modhanna oibre atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá an inbhuanaitheacht lárnach i bhforbairt ár gcuid spásanna cultúrtha agus tairiscintí agus i bpleanáil ár n-imeachtaí go léir.
De thoradh an inbhuanaitheacht a choinneáil mar phríomhfhócas inár spásanna cultúrtha, cinntímid go mbíonn ár dtairiscintí i gcomhréir le cuideachtaí, comhoibritheoirí agus cliaint a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá againn féin.