An Nuacht is Déanaí

Nuacht | 21 Bealtaine 2025

Talk To Me le Stephen James Smith

DCCCC website news Stephen James Smith Talk To Me 800x540

Éist le guthanna mhuintir Bhaile Átha Cliath trí fhriotal Stephen James Smith.

Cruthaíodh an saothar ealaíne Dublin You Are 10 mbliana ó shin. Le friotal ó Stephen James Smith agus ó fhoireann d’ealaíontóirí atá bunaithe i mBaile Átha Cliath, thug an tionscadal sin léargas ar na comhráite agus na ceardlanna a bhí ar bun againn le daoine fud fad na cathrach ag an am.

I gcomhair chomóradh 10 mbliana an tionscadail Dublin You Are, chuamar i bpáirt le Stephen James Smith agus daoine de lucht na n-ealaíon chun saothar nua, ina n-áirítear filíocht agus scannán ealaíne, a chruthú mar léiriú ar ghuthanna daoine ó cheann ceann na cathrach. “Talk To Me” an teideal atá air.

Tá an píosa bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh ónár gclár Cupáin Tae & Comhrá, ina ndéantar comhairliúchán le muintir Bhaile Átha Cliath trí idirphlé leanúnach ar fud na cathrach le 10 mbliana anuas.

Mar chuid dá phróiseas chun an píosa a chruthú, mheas Stephen breis agus 500 tuairisc ó na 10 mbliana uile den chlár Cupáin Tae & Comhrá. Bhuail sé le foireann eagraithe an chláir chun tuilleadh eolais a fháil ar phróiseas agus modheolaíocht na gceardlann Cupáin Tae & Comhrá, ar na cineálacha daoine agus grúpaí pobail a ghlacann páirt iontu agus ar a mbíonn le rá acu. Chumaisc sé an méid sin lena thaighde féin chun an dán a chumadh.

Tá ríméad orainn é seo a roinnt leat anois.